Trevor Williams (easpag)
(2014) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1948 75/76 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais na hÉireann |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Coláiste Naomh Aindriú |
Gníomhaíocht | |
Gairm | sagart |
Fostóir | Eaglais na hÉireann BBC |
Iar-Easpag Luimnigh agus Choill an Lao de chuid Eaglais na hÉireann is ea Trevor Williams (a rugadh 1948).
Tús lena shaol gairme
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Williams i mBaile Átha Cliath, Éire agus fuair sé a chuid oideachais i Choláiste Naomh Aindriú, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus St John's College, Nottingham. Rinne deagánach de sa bhliain 1974 agus ina shagart sa bhliain 1975. Ó 1974-77 d 'fhóin sé mar shéiplíneach ag St Andrew's agus St. Mary's, Maidenhead, Deoise Oxford. Bhog sé go Tuaisceart Éireann le bheith ina Séiplíneach Cúnta ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Ó 1981 go 1988, bhí sé ina leiritheoir craoltaí reiligiúnacha ar BBC Raidió Uladh. Tar éis seo, d'fhóin sé mar reachtaire ag St John's, sa Chaisleán Nua, Contae an Dúin, go dtí 1993.
Bhí Williams ina cheannaire ar an Corrymeela Community, grúpa Chríostaí tiomanta do chur chun cinn na síochána agus an athmhuintearais i dTuaisceart na hÉireann, ó 1994 go 2003. Ceapadh é ina chanónach d'Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha, Sa bhliain 2002 agus 2003 d'fhreastail sé mar reachtaire de ' Holy Trinity and St Silas with Immanuel' i dtuaisceart Bhéal Feirste, i nDeoise Choinnire .
Obair reatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Williams ina Easpag Luimnigh agus Choill an Lao de chuid Eaglais na hÉireannar an 6 Bealtaine ar an 6 Bealtaine 2008[1] agus coisriceadh é ina easpag ar an 11 iúil 2008.
Bhí an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa i measc iad siúd a bhí i láthair ag an searmanas ag Ard-Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath.[2][3]
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chomh maith le bheith ag obair mar easpag na deoise, coinníonn Williams spéis ghníomhach in obair athmhuintearais i dTuaisceart na hÉireann. Le déanaí, i gcomhar le ceithre cinn eile chléir ó thuaisceart Bhéal Feirste, ghríosaigh sé ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann níos mó acmhainní a chur i gClár an Rialtais agus aghaidh a thabhairt ar fhadh an tseicteachais .
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Williams pósta le Joyce (née Milne) agus tá trí mhac fásta acu. Óibríonn Joyce mar riarthóir leis an Churches Community Work Alliance. Mar chaitheamh aimsireIna, thaitníonn seoltóireacht agus carrmheicnic leis.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Revd Canon Trevor Williams - New Church of Ireland Bishop of Limerick & Killaloe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-13. Dáta rochtana: 2017-12-03.
- ↑ "Consecration of new Bishop of Limerick".[nasc briste go buan]
- ↑ "Trevor Williams installed as Bishop at Mary's". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Aibreán 2020. Dáta rochtana: 3 Nollaig 2017.
- ↑ "The Revd Canon Trevor Williams Elected Bishop of Limerick and Killaloe".