Jump to content

Treibheanna na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Treibheanna na Gaillimhe

Le linn an 15ú haois go dtí an 17ú haois, d'éirigh go maith le ceithre theaghlach déag, ar a dtugtaí 'Treibheanna na Gaillimhe' ina dhiaidh sin, trí thrádáil leis an Eoraip agus níos faide i gcéin. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Bhí ról tábhachtach acu i bhforbairt bhaile na Gaillimhe trí fhoirgnimh phoiblí agus reiligiúnacha a choimisiúnú, trí go leor tithe móra a thógáil agus trí pháirt a ghlacadh i ngach gné den tsochaí ó rialachas agus riarachán an bhaile go gnóthaí eaglaise.

Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar an gCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird. Béarla a bhí sa gcathair, agus Gaeilge i ngach áit eile mórthimpeall.

Tháinig deireadh le rathúnas na Gaillimhe agus na dTreibheanna le léigear agus forghabháil Chromail i 1652. Díbríodh go leor de na teaghlaigh as an mbaile. Nuair a cuireadh Séarlas II ar ais sa ríchathaoir i 1660 d'ordaigh sé maoin a chur ar ais dóibh siúd a ghéill i 1652. D'fhill cuid de na seanteaghlaigh agus thosaigh siad ag trádáil arís.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Medieval Galway • Galway City Museum" (en-US). Galway City Museum. Dáta rochtana: 2024-05-03.