Traein ardaithe go maighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Transrapid Shanghai

Sa ghnáth-thraein leictreach faightear an tiomáint ar mhodh leictreamaighnéadach sa mhótar, agus is gá í a chur i bhfeidhm ar na rotha le giaranna. Bíonn ar an traein sin oibriú i gcoinne na frithchuimilte idir rotha is ráillí an t-am ar fad. Tá na Seapánaigh, na Gearmánaigh is na Meiriceánaigh i mbun traenacha de shaghas nua a shaothrú nach mbeidh rotha orthu ach iad ardaithe mar a bheadh ar adhartán maighnéadach, pol maighnéid amháin i mbun na traenach is pol den tsín chéanna sa bhóthar faoi, ionas go n-éarfaidh siad a chéile gan aon fhrithchuimilt ar fiú trácht uirthi. Ag an am céanna bainfear feidhm as mótair líneacha leictreacha chun an tiomáint a sholáthar. Trí na mótair seo a rialú go leictreonach, féadfar idir luasghéarú is luasmhoilliú a imirt go héasca ar an traein ar mhodh leictreach/leictreonach. Meastar go mbeidh na traenacha seo an-chostasach, ach tá sé i gceist luas 400 km u-1 a bhaint amach leo, rud a chuirfidh in iomaíocht le heitleáin iad i gcomhair aistear meánfhada. Táthar cinnte go leor go bhfuil na teicneolaíochtaí is gá ar fáil chun go n-éireoidh le tógáil is feidhmiú na dtraenacha seo, ach níltear cinnte fós go n-éireoidh leo ar bhonn eacnamaíochta. Beidh seans níos fearr go n-éireoidh leis an teicneolaíocht nuair a bheidh sreanga forsheoltacha saor go leor. Tá líne ghairid thrialach traenach den saghas seo i bhfeidhm i Shang-hai.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Traein ardaithe go maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 673.