Tracy Chapman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTracy Chapman

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Márta 1964
59 bliana d'aois
Cleveland, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tufts Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCumadóireacht agus na taibhealaíona
Gairmamhránaí is scríbhneoir, cumadóir, giotáraí, ealaíontóir sráide, amhránaí, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –
SeánraRac malartach, American folk music (en) Aistrigh, na gormacha, anamcheol, popcheol agus rac-cheol tíre
TeangachaBéarla Meiriceánach
Cineál guthaContralt

UirlisGiotár agus ceol gutha
Lipéad ceoilElektra
Atlantic Records
Fast Folk Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
5 Iúil 2006Montreux Jazz Festival 2006 (en) Aistrigh (Miles Davis Hall (en) Aistrigh)
16 Iúil 1992Montreux Jazz Festival 1992 (en) Aistrigh (Montreux Casino (en) Aistrigh)
4 Iúil 1988Montreux Jazz Festival 1988 (en) Aistrigh (Montreux Casino (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm1102495 Allocine: 37889 TV.com: people/tracy-chapman
Facebook: tracychapmanonline Instagram: tracychapmanonline Youtube: UC-rX_f6vueiRY0E75gBNQ0g Souncloud: tracychapmanofficial Spotify: 7oPgCQqMMXEXrNau5vxYZP iTunes: 5796121 Last fm: Tracy+Chapman Musicbrainz: 1129817c-488a-4096-80c1-77fc1b107c93 Songkick: 359872 Discogs: 161091 Allmusic: mn0000016281 Deezer: 971 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus cumadóir amhrán Afra-Mheirceánach í Tracy Chapman (rugadh 30 Márta 1964) a bhfuil clú agus cáil bainte amach aici mar gheall ar na hamhráin ‘Fast Car’, ‘Talkin’ Bout a Revolution’ agus ‘Give Me One Reason’.

Thosaigh Chapman ag seinnt an ghiotáir agus ag cumadh amhrán agus í ina páiste. Bronnadh scoláireacht uirthi, tríd A Better Chance, a thug deis di freastal ar Wooster School i gConnecticut agus ansin glacadh léi in Ollscoil Tufts, Bostún. Is i gCambridge a thosaigh Chapman ag seinm ar na sráideanna agus i gcaifí agus tar éis di céim a bhaint amach ón gcoláiste, shínigh sí conradh le SBK agus d’eisigh sí Tracy Chapman (1988). Scríobhadh léirmheasanna lúcháireacha faoin albam agus chuaigh sí ar an mbóthar agus ag bailiú lucht leanúna. I ndiaidh di seinnt ag 70ú breithlá Nelson Mandela, thosaigh 'Fast Car' ag ardú sna cairteanna sna Stáit Aontaithe. Bhí an-díol ar an albam agus ar an singil agus d’éirigh leis an albam ceithre Grammy a bhaint amach.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an gcéad albam eile, Crossroads (1989). I 1992, agus albam nua, Matters of the Heart, bhí Chapman ag seinnt os comhair lucht leanúna beag agus dílis. Baineadh geit as lucht leanúna an cheoil nuair a d’eisigh Chapman albam eile, New Beginnings (1995) agus an singil ‘Give Me One Reason’, a bhuaigh Grammy i 1996 don amhrán raic ab fhearr. I 2000 eisíodh Telling Stories. Craoladh an singil 'Telling Stories' go minic ar stáisiúin raidió na hEorpa. Chuaigh Chapman ar chamchuairt timpeall na hEorpa agus na Stát Aontaithe i 2003.

I Meán Fómhair 2005 eisíodh an seachtú halbam uaidh, Where You Live.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1988: Tracy Chapman
  • 1989: Crossroads
  • 1992: Matters of the Heart
  • 1995: New Beginning
  • 2000: Telling Stories
  • 2002: Let It Rain
  • 2005: Where You Live
  • 2008: Our Bright Future

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]