Tove Jansson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTove Jansson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sv) Tove Marika Jansson
9 Lúnasa 1914
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Meitheamh 2001
86 bliana d'aois
Heilsincí, An Fhionlainn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcademy of Fine Arts of Helsinki (en) Aistrigh (1933–1937)
Konstfack (en) Aistrigh
Läroverket för gossar och flickor (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKlovharun (en) Aistrigh
Kaartinkaupunki (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan tSualainnis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Heilsincí Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, scríbhneoir litríocht pháistí, maisitheoir, scríbhneoir, cartúnaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1933 –  1993
SeánraÚrscéal
Ainm cleiteVera Haij Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSualainnis agus an Fhionlainnis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíAtos Wirtanen
Vivica Bandler (1946–1946)
Tuulikki Pietilä (1956–2001) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairViktor Jansson  agus Signe Hammarsten-Jansson
SiblínLars Jansson agus Per Olov Jansson
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0418309 Musicbrainz: d7b30933-54b6-44fb-a7f5-3cf80357e391 Discogs: 791227 Find a Grave: 91853375 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí, péintéir agus maisitheoir leabhar as Heilsincí ba ea Tove Marika Jansson, scríbhneoir Sualainnise as an bhFionlainn (9 Lúnasa 191427 Meitheamh 2001). Scríobh sí scór leabhar do pháistí, cúig úrscéal agus sé chnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta, agus roinnt saothar beathaisnéiseach.

1923

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

1956
timpeall 1967

Scríobh Jansson sraith pictiúrleabhar chlúiteach do pháistí, na Moomins. Foilsíodh iad in 1945-1970. Is i Sualainnis a foilsíodh ar dtús iad agus tá siad aistrithe go breis agus 40 teanga. . Sa bhreis ar na naoi n-úrscéal, bhí leabhair phictiúr scríofa agus maisithe ag Tove Jansson agus a deartháir, Lars Jansson.

Príomhalt: Múimíní

Ina cuid scríbhneoireachta do dhaoine fásta, tugann Jansson tús áite ach don duine aonair agus a chroí.[1] Tugann an bailiúchán The Woman Who Borrowed Memories léargas maith ar a saothar.[2]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbhóir a bhí i máthair Tove Jansson.

Chaith Jansson nach mór chuile shamhradh dá saol in oileánra Pellinge, amach ó chósta theas na Fionlainne, rud a d'imir tionchar mór ar a saothar níos déanaí.

Sn\ 1960idí, thóg Jansson agus an bhean ar chaith sí an chuid is mó dá saol ina teannta, an t-amharcealaíontóir Tuulikki Pietilä, thóg siad teach ar sceir bheag i bhfad amach ón gcósta (in Pellinki). Teach cearnógach a bhí ann agus bhí fuinneog amháin i ngach balla, radharc ar an bhfarraige acu ar an gceithre thaobh.[3]

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Sommarboken (1972, The Summer Book),[4] scéal seanmhná a bhfuil a cuimhne ag dul i léig agus a gariníon sé bliana d’aois, a chaitheann samhradh i dteannta a chéile ar oileán beag bídeach i Murascaill na Fionlainne. Ní leabhar é seo a scríobhadh go sonrach do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.[5][6]
  • Solstaden (1974, Sun City)
  • Den ärliga bedragaren (1982, The True Deceiver)
  • Stenåkern (1984, The Field of Stones)
  • Rent spel (1989, Fair Play)[7]

Gearrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bildhuggarens dotter (1968, Sculptor's Daughter)
  • Lyssnerskan (1971, The Listener)
  • Dockskåpet och andra berättelser (1978, lit. "The Doll's House and Other Stories", aistrithe Art in Nature)
  • Resa med lätt bagage (1987, Travelling Light)
  • Brev från Klara och andra berättelser (1991, Letters from Klara and Other Stories)
  • Meddelande. Noveller i urval 1971–1997 (1998 compilation, Messages: Selected Stories 1971–1997)
  • A Winter Book (Sort of Books, 2006). ó Sculptor's Daughter, Messages, The Listener, Letters from Klara, agus Traveling Light.
  • The Woman Who Borrowed Memories (New York Review Books, 2014). ó The Listener, The Doll's House, Traveling Light, Letters from Klara, agus Messages.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alex Hijmans (28 Eanáir 2017). "Camchuairt litríochta trí shneachta na Fionlainne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  2. Tá fáil air ó The New York Review of Books.
  3. Alex Hijmans (21 Eanáir 2023). "Cén chaoi ar éirigh le scríbhneoirí cois cladaigh aon leabhar a scríobh ar chor ar bith?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  4. Alex Hijmans (1 Meitheamh 2019). "Fág spás do shamhlaíocht an léitheora – gaois dealbhadóra do scríbhneoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  5. Alex Hijmans (17 Lúnasa 2019). "Cá bhfuil an leabhar don té a bhfuil Alzheimer air?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  6. Alex Hijmans (15 Lúnasa 2020). "Caitheamh na haimsire: dúshlán don scríbhneoir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  7. Alex Hijmans (3 Meán Fómhair 2022). "‘Lá breá brothallach a bhí ann agus ní raibh scamall sa spéir …’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.
  8. Alex Hijmans (8 Meán Fómhair 2018). "Maith don scríbhneoir seo é, ach gach seans go mbeidh tú ina chéad úrscéal Gaeilge eile…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-09-02.