Múimíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Múimíní sna 1950idí
Moomintroll in Muumimaailma, Naantali, 2010

Is iad na Múimíní (as Sualainnis: Mumin) na príomhcharachtair sna leabhair den údar Fionlannach-Sualainnise, Tove Jansson, faoin teaghlach Múimín, a foilsíodh 1945-1970. Is i Sualainnis a foilsíodh ar dtús iad agus tá siad aistrithe go breis agus 40 teanga. Sa bhreis ar na naoi n-úrscéal, bhí leabhair phictiúr scríofa agus maisithe ag Tove Jansson agus a deartháir, Lars Jansson. Chomh maith leis sin, tá roinnt sraith theilifíse agus príomhscannáin déanta as a cuid saothar, agus tá páirc théama ann i Naantali, ar a dtugtar Muminvärlden (nó Muumimaailma as Fionlainnis).

Tove Jansson agus ceann dá leabhair.

Bunús agus príomhcharachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moomintroll in Katajanokka

I 1943 tharraing Tove Jansson carachtar darb ainm Snork san irisleabhar aorach Fionlannach-Sualainnise Garm. Ba é seo an réamhtheachtaí is luaithe don Mhúimín. I leaganacha luatha, bhí an figiúr go hiomlán dubh le súile dearga agus srón caol, beagnach cosúil le gob. I 1945, fuair an fhíor seo corp beathaithe bán, srón cosúil le dobhareach agus ainm nua, Mumintrollet, sa chéad leabhar Múimíní, Småtrollen och den stora översvämningen (An troll beag agus an tuile mhór). Bíonn an príomhról ag Mumintrollet (nó Mumin go gairid) i bhformhór na leabhar. Tá sé fiosrach agus beagán saonta, ach an-cineálta agus flaithiúil. Tá sé díograiseach dul ar eachtraí, cé gur annamh a bhíonn fonn air dul as féin. Is iad na cairde is fearr atá aige ná Sniff agus Snusmumriken. Tá sé i ngrá le Snorkfröken, a tharrtháil sé sa dara leabhar sa tsraith, Kometen kommer (An cóiméad ag teacht).

Snorkfröken agus Snorken[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jansson sa bhliain 1956.

Is cosúil go bhfuil Snorkfröken féin agus a deartháir, Snorken, de gné beagán difriúil leis na Múimíní. Tá siad le fáil i ndathanna éagsúla (bíonn na Múimíní  bána) agus athraíonn a ndath ag brath ar a giúmar. Is portmanta é an t-ainm Snorkfröken idir an focal cumtha Snork agus fröken, rud a chiallaíonn 'ainnir' i Sualainnis. Tá Snorkfröken croíúil agus fuinniúil, beagáinín uallach, agus is minic a athraíonn sí a intinn ar rudaí. Is breá léi éadaí deasa agus seoda agus tá sí inaitheanta óna glib fhionn agus an rúitín órga atá aici.

Is aireagóir cliste é a deartháir, Snorken.

Na tuistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad máthair agus athair Mumintrollet ná Muminmamma agus Muminpappa. Tá Muminmamma cineálta, foighneach agus bog ar a mac. Caitheann sí cuid mhór dá ama ag cócaireacht don teaghlach agus ag tabhairt aire dá rósaí. Is é a comhartha sóirt a mála láimhe (a tugann sí léi beagnach i ngach áit) ina bhfuil rudaí tábhachtacha mar stocaí, púdar goile agus coirt.

Is é Muminpappa duine ábhairín neamhshuaimhneach a fágadh ina dhílleachta mar pháiste, agus is minic a bhíonn sé ag machnamh ar a 'óige chorrach', a thaifeadann sé ina bheathaisnéis. Tá hata ard dubh aige i gcónaí agus is é an mana atá aige ná 'vid min svans!', rud a chiallaíonn (focal ar fhocal) 'dar mo eireaball!' Deirtear go minic go raibh na tuismitheoirí Múimín ina bportráidí de máthair agus athair liobrálach agus boihéamach Jansson féin.

Na cairde eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt cairde ann a chaitheann an chuid is mó dá n-ama sa teach Múimín. Is é Snusmumriken (ciallaíonn mumrik 'giostaire' agus is é atá i gceist le snus cineál snaois Lochlannach a chuirtear faoi na gumaí) an cara is fearr atá ag Mumintrollet. Tagann sé ón aird theas gach geimhreadh agus filleann sé san earrach. Tá Snusmumriken ina eachtránaí agus ina fhánaí, beagáinín brónach agus, cé go mbaineann sé taitneamh as cuideachta a chairde, coinníonn sé slán a phríobháideachas agus neamhspleáchas. Caitheann sé seanéadaí glasa, tá sé ina chónaí i bpuball agus sheinneann sé an t-orgán béil. Níl ach cúpla sealúchas aige.

Is cara eile é Sniff, ainmhí atá cosúil le meascán idir luch agus cangarú. Tá sé sách neamhaibí agus cladhartha, agus tá sé i gcónaí ag lorg ar bhealach eile le shaibhreas a dhéanamh  go dtapa.

Is cailín beag í Lilla My (My beag) a chónaíonn sa teach na Múimíní, de réir cosúlachta mar nach féidir lena máthair déileáil léi. Tá sí an-neamhspleách agus teanntásach, drochbhéasach uaireanta, ach tá sí cróga agus dílis agus tá grá mór ag an teaghlach di.

Sraitheanna teilifíse agus scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí uair a raibh na scéalta Múimíní cóirithe don teilifís. Ba é an tsraith theilifíse beochana Seapánach Tanoshii Mūmin Ikka (楽しいムーミン一家), nó 'I nGleann na Múimíní', a bhí ar an rath is mó idirnáisiúnta.

Páirceanna téama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Osclaíodh páirc téama i 1993 a thugtar Muminvärlden (Domhan na Mhúimíní) air. Tá sé lonnaithe ar oileán Kailo in aice le Naantali, i ngar do Túrcú i ndeisceart na Fionlainne. Chuir Dennis Livson, léiritheoir an tsraith theilifíse Seapánach, tús leis an bpáirc. Is áit oiriúnach do leanaí é an pháirc théama agus cuireann sé an deis ar fáil le haghaidh spraoi gníomhach agus caidreamh leis na carachtair ó na scéalta. Murab ionann agus an pháirc téama, tá músaem ann, Mumindalen (Gleann na Múimíní) i Tampere, an Fhionlainn, áit atá níos oiriúnaí do dhaoine fásta. Tá thart ar 2,000 saothar ealaíne Jansson ann.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta agus bailiúchán gearrscéalta

1945 - Småtrollen och den stora översvämningen (An troll beag agus an tuile mhór)

1946 - Kometen kommer (An cóiméad ag teacht)

1948 - Trollkarlens hatt (Hata an Draíodóra)

1950 - Muminpappans Bravader Skrivna av Honom Själv (Na héachtaí Muminpappan scríofa as féin)

1954 - Farlig midsommar (Lár an tsamhraidh baolach)

1957 - Trollvinter (Geimhreadh troill)

1962 - Det osynliga barnet (An páiste Dofheicthe)

1965 - Pappan och havet (Daid agus an fharraige)

1970 - Sent i november (Deireadh mhí na Samhna)


Tá cúig leabhar pictiúr Mhúimín ann freisin:

1952 - Hur gick det sen? Boken om Mymlan, Mumintrollet och Lilla My (Conas mar a bhí sé ansin? An leabhar faoi Mhymlan, Mumintrollet agus Lilla My)

1960 - Vem ska trösta knyttet? (Cé a tabhairfaidh sólás don knytt?)

1977 - Den farliga resan (An Turas Contúirteach)

1980 - Skurken i muminhuset (Rógaire sa Teach Múimín)

1993 - Visor från Mumindalen (Amhráin Gleann na Múimíní)

Stiallghreannán

Tá stiallghreannáin cruthaithe ag Tove Jansson freisin, agus tháinig a deartháir Lars Jansson ina háit i 1959. Foilsíodh iad den chuid is mó sa nuachtán laethúil Briotanach The Evening News idir 1954-75.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]