Tosach míostraithe
Appearance
An chéad sreabhadh fola míostraithe sa bhean, a tharlaíonn i rith an chaithreachais, ag 10-15 bliain d'aois, ag brath ar staid ghéiniteach, cothaithe is mhothúchánach na mná óige. Comhartha ar theacht na haibíochta atáirgthe, ach ní chiallaíonn sé go bhfuil torthúlacht iomlán sroichte. Moillítear an staid sin go mbunaítear patrún fásta thál na hormón pitiútach is gónadach, go mbíonn an timthriall míosta rialta, agus go dtarlaíonn ubhsceitheadh.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Tosach míostraithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |