Jump to content

Tort

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Éagóir sibhialta ar féidir leat a agairt ina leith. Mar shampla, is tort iad faillí, clúmhilleadh agus foghail.[1] Réimse den dlí coiteann is ea tort.[2] Baineann dlí tort le héagóracha sibhialta.

Ní hionann é agus an dlí coiriúil (ina mbíonn an SIP (ionchúisitheoir an stáit) i mbun ionchúisimh) agus dlí conartha (ina mbíonn sárú ar chonradh faoi chaibidil).

Déanann tort iarracht damáistí airgid a bhronnadh ar dhuine a d'fhulaing éagóir. Is féidir le cás coiriúil agus cúis tort eascairt ón eachtra céanna.

I measc na dtort coitianta, tá

  • clúmhilleadh
  • neamart (faillí) - pléann an tort seo le dualgais chúraim (mar shampla an dualgas cúraim atá ar thiománaithe maidir le tiománaithe eile)
  • foghail (treaspás) - mar shampla: ionsaí nó príosúnú mídhleathach

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Citizensinformation.ie. "Téarmaí dlíthiúla mínithe" (ga-IE). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2026-08-16.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tort (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-08.