Clúmhilleadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dhiúltaigh giúiré in 2019 d’éileamh an fhir ghnó Denis O’Brien go ndearna an Sunday Business Post clúmhilleadh air.[1]

Is éard is clúmhilleadh ann ná coincheap sa dlí ina gcuirtear bréag ar dhuine chun a chlú a mhilleadh. Ráiteas clúmhillteach é ráiteas a cheapann baill réasúnta den tsochaí a dhéanann díobháil do do chlú. Níl ráiteas clúmhillteach más ráiteas fíor nó fíor go substainteach é.[2]

Clúmhilleadh in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Acht um Chlúmhilleadh, 2009 leagadh amach go dtabharfaí “tort an chlúmhillte” ar thort an leabhail agus ar thort na béadchainte araon agus deirtear ann gurb éard atá i dtort an chlúmhillte ráiteas clúmhillteach maidir le duine a fhoilsiú, ar aon mhodh, do dhuine amháin nó do níos mó ná duine amháin (seachas an duine céadluaite), agus forléireofar “clúmhilleadh” dá réir. Reachtaítear freisin go [mb]aineann ráiteas clúmhillteach le duine más rud é go bhféadfaí a thuiscint uaidh le réasún gur dó nó di a thagraíonn sé.

Tá tort an chlúmhillte inchaingne gan cruthúnas ar dhamáiste speisialta.

Is in 2014 a gheall an rialtas athbhreithniú oifigiúil ar an dlí a bhaineann le clúmhilleadh. Níor thosaigh an obair i gceart go dtí 2016, nuair a d’fhógair Frances Fitzgerald (a bhí ina haire dlí agus cirt) go mbeadh deis ag an bpobal a dtuairimí a chur chun a roinne go dtí deireadh na bliana sin.[1]

Baineann cuid mhór dá míshuaimhneas le costais dlí agus go háirithe leis na damáistí gan teorainn a bhronnann giúiréithe go minic ar ghearánaithe. Ní call do ghearánaí fianaise shubstaintiúil a chur faoi bhráid cúirte chun a éileamh go ndearna tuairisc a bhí bréagach nó míchruinn dochar mór dó a chruthú.[1]

Foilsíodh dréacht-Bhille in 2023.[3]

Tuaisceart Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ritheadh acht nua i dTuaisceart Éireann in 2022.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Cathal Mac Coille (9 Bealtaine 2019). "Clúmhilleadh – thar am an dlí a leasú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-17.
  2. Citizensinformation.ie. "An dlí ar chlúmhilleadh in Éirinn" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-02-13.
  3. "Irish Defamation Bill moves closer to becoming a new Act - Kennedys" (en). Kennedys Law. Dáta rochtana: 2024-02-17.
  4. "Review of Defamation Law in Northern Ireland" (en). Finance (2023-11-13). Dáta rochtana: 2024-02-17.