Tormán sonach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Brúthonn turrainge a chruthaíonn aerárthach (nó aon diúracán eile) a thaistealaíonn ar luas forshonach, is é sin, le machuimhir níos mó ná Ma 1. Cruthaítear an tormán go leanúnach, agus taistealaíonn sé amach ón aerárthach. Nuair a shroicheann sé an talamh, cloistear é mar thailm mhór. Braitheann a dhéine ag an talamh ar airde an aerárthaigh, an patrún eitilte, is an aimsir, ach is féidir go mbeidh sé láidir a dhóthain chun damáiste a dhéanamh d'fhoirgnimh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tormán sonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 672.