Torcán craobhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Torcán craobhach (Erethizon dorsatum)

Is éard is torcán craobhach[1] (nó torcán[2]) ann ná creimire a bhfuil cuid dá ribí gruaige mionathraithe ina spíonta fada géara.

Maireann sé i ngnáthóga éagsúla. Suas le 30 speiceas díobh ann, baill a mhaireann ar an talamh sa Seandomhan (fine Hystricidae), agus baill a mhaireann go forleathan i gcrainn sa Domhan Úr (fine Erethizontidae).[3] Is laistigh den infrea-ord Hystricognathi an dá fhine seo, in éineacht leis na sinsilí, na cadhpúnna, agus roinnt creimirí eile. Mar sin, ní grúpa tacsanomaíochta iad na torcáin chraobhacha.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tomás de Bhaldraithe, eag.: “English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe): porcupine” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1959). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “porcupine — Aistriúchán Gaeilge ar porcupine (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2024-01-24.
  3. Hussey, Matt (2011). "Torcán craobhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 671.