Tonnchosc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is bac saorga ar ghníomhaíocht na dtonnta sa bhfarraige é tonnchosc.[1][2][3] Tógtar é chun na tonnta atá ag teacht isteach a bhacadh agus dídean a sholáthar i gcomhair áiseanna calafoirt nó caitheamh aimsire mara. Laghdaíonn tonnchosc fuinneamh na dtonnta agus athraíonn a dtreo forleata ar an taobh faoi dhídean. Mar sin, athraíonn sé imshruthú nádúrtha an ghainimh is an dríodair eile cois cladaigh, ionas go líontar an cuan is na cainéil loingseoireachta le glár go minic, malairt an toraidh a raibh súil leis.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag., ed. (1977). "Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tonnchosc". Teanglann.ie. Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1857910384. Aisghafa 2023-08-26.
  2. ""breakwater" | téarma.ie". Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Aisghafa 2023-08-26.
  3. Pádraig Ó Mianáin, eag., ed. (2020). "breakwater — Aistriúchán Gaeilge ar breakwater (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)". Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-0320034510. Aisghafa 2023-08-26.
  4. Hussey, Matt (2011). "Tonnchosc". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.