Tom Crean

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTom Crean

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith16 Feabhra 1877
Abhainn an Scáil (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann)
Bás27 Iúil 1938
61 bliana d'aois
Corcaigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Aipindicíteas)
Gníomhaíocht
Réimse oibreSeaman recruit (en) Aistrigh
Gairmtaiscéalaí, Seaman recruit (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Brainse míleataCabhlach Ríoga
Ghlac sé/sí páirt i
8 Lúnasa 1914Imperial Trans-Antarctic Expedition (en) Aistrigh
1 Meitheamh 1910Terra Nova expedition (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 19233315 Cuir in eagar ar Wikidata
Tom Crean ~1914

Ba thaiscéalaí Éireannach Antartach é Thomas "Tom" Crean (Gaeilge: Tomás Ó Croidheáin, 16 Feabhra 1877[1]27 Iúil 1938). Rugadh é i mbaile Abhainn an Scáil i gContae Chiarraí. Chuaigh sé sa gCabhlach Ríoga nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois, ag insint bréige faoina aois chun dul isteach.

Ghlac Tom Crean páirt i dtrí as an gceithre phríomhthuras taiscéalaíochta de chuid na Breataine go dtí Antartaice: Discovery (1901–1904) agus Terra Nova (1911–1913) faoi cheannasaíocht Robert Scott, agus Endurance (1914-1916) faoi cheannasaíocht Ernest Shackleton.

Terra Nova[cuir in eagar | athraigh foinse]

1911-12

Ar an turas seo, dúirt Captaen Scott nach mbeadh muinín aige ach as dornán daoine – William Lashly, Edgar Evans agus Tom Crean. Ba iad Crean agus Lashly, in éineacht leis an Leifteanant ERGR Evans, an buíon tacaíochta deireanach a d’fhág Scott agus é ar a bhealach go dtí an Mol Theas, fad is a lean Edgar Evans, Wilson, Bowers agus Oates in éineacht le Scott.

D’fhill Crean, Lashly agus Evans 146 míle (268 ciliméadar) ón bPol ar 4 Eanáir 1912, agus thug siad aghaidh ar thuras fillte go dtí an campa. Thart ar thús mhí Feabhra, bhí an Leifteanant Evans ag éirí an-tinn le galar carrach, agus ó 13 Feabhra 1912, céad míle ó shábháilteacht an champa, bhí ar Crean agus Lashly é a tharraingt ar an gcarr sleamhnáin, rud a chuir moill níos mó ar an triúr agus na soláthairtí bia ag éirí an-íseal.

Bhí an Leifteanant Evans ag iarraidh go bhfágfadh an triúr eile é mar go raibh eagla air go mbásódh an triúr acu. Ach dhiúltaigh Crean agus Lashly é sin a dhéanamh (déarfadh Evans ina dhiaidh sin gurbh é seo an t-aon am amháin ina ghairmréim chabhlaigh gur diúltaíodh dá orduithe).

Agus 35 míle fágtha (4-5 lá taistil, gan ach beirt ag tarraingt an chairr sleamhnáin) agus gan níos mó ná 1-2 lá bia fágtha, socraíodh go siúlfadh duine den bheirt ina aonar chun cúnamh a fháil, fad is a d’fhan an duine eile le Evans. Thairg Tom Crean an siúl a dhéanamh. Thóg sé ocht n-uaire déag chun an tsiúlóid 35 míle ina aonar a dhéanamh thar an oighear chun an campa a shroicheadh, agus gan ach trí bhriosca agus roinnt seacláide le n-ithe aige, thit sé i mbun a chos díreach tar éis dó an campa a shroicheadh leathuair roimh shíobadh sneachta fíochmhar a mharódh é, is dócha, agus a chuir moill lá go leith ar an mbuíon tarrthála. D’éirigh leis an tarrtháil, áfach, agus tugadh Lashly agus Evans ar ais chuig an gcampa beo, ní hionann agus buíon Scott sa mhol. Tugadh Bonn Albert do Crean agus Lashly as ucht beatha Evans a shábháil.

Crean & Bones

Endurance[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dála Scott, bhí an-mhuinín ag Shackleton as Crean. Tar éis scrios a longa san oighear, bhí ar an bhfoireann na báid tarrthála a sheoladh trasna oighearmhá na Mara Weddell agus ansin rámhaíocht go hOileán Eilifint. Nuair a shroich siad an áit, rinne siad ceann de na báid tarrthála a atógáil – sheol an James Caird agus cúigear, Shackleton agus Crean ina measc, go Seoirsia Theas chun cúnamh a fháil. Tá sé seo ar cheann de na turais i mbád beag oscailte is iontaí sa stair.

Tom Crean (thuas) agus Alf Cheetham, Endurance, 1914

De bhrí gur tháinig siad i dtír ar chósta theas neamháitrithe na Seoirsia Theas, bhí ar thriúr de na fir, agus arís, Shackleton agus Crean ina measc, siúl trasna go dtí an taobh eile i dturas suntasach 36 huaire – an chéad uair a chuathas trasna an oileáin shléibhtiúil seo. Shroich siad an stáisiún míolta móra ag Stromness, tuirseach agus salach, agus ullmhaithe leis an 22 fear eile a bhí fós ar Oileán Eilifint a tharrtháil, dhá mhí is fiche tar éis dóibh seoladh ó Sheoirsia Theas.

Níos déanaí ina shaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó filleadh abhaile, thug Crean seirbhís sa Chéad Chogadh Domhanda, agus d’éirigh sé as an gcabhlach sa bhliain 1920.

Phós sé agus d’oscail teach tábhairne beag darbh ainm "The South Pole Inn".

I rith a shaoil, bhí Crean i gcónaí an-mhodhúil mar dhuine. Nuair a d’fhill sé go Ciarraí, chuir sé a bhoinn as radharc agus níor labhair sé faoina thaithí in Antartach arís.

Thug aipindic bhrúchta a bhás i 1938.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh, Abhainn an Scáil

Tá comóradh déanta ar Crean in dhá logainm ar a laghad: Mount Crean (2550m) i Victoria Land agus Oighearchlár Crean ar Seoirsia Theas.

Tá Crean mar an inspioráid freisin don leann bán Endurance Brewing.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Murphy, David. "Crean, Thomas (‘Tom’) | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-03-25.