Toghchán Uachtaránachta na Rúise 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
CineálRussian presidential election (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Márta 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Rúis Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisNoon Against Putin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Oifig le buachanUachtarán na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
IarrthóirVladímír Pútín
Vladislav Davankov (en) Aistrigh
Nikolay Kharitonov
Leonid Slutsky Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Bhí ollbhua ag Vladimir Putin i dToghchán Uachtaránachta na Rúise 2024. Vótáil 88% den lucht vótála ina fhabhar, creid nó ná creid. A chúigiú téarma oifige a bhí á lorg ag Putin. Bhí sé i gcumhacht ó 1999 ar aghaidh agus d'fhág an toradh seo go mbeadh sé ina Uachtarán ar an Rúis go dtí 2030.[1]

Chaith pobal na Rúise a gcuid vótaí ar 15-17 Márta, sa Rúis agus thar lear. Léirigh toradh an toghcháin uachtaránachta go raibh muinín ag muintir na Rúise as Putin, a dúirt Putin féin.[1] Ghabh Ceannasaí na Cóiré Thuaidh, Kim Jong Un, comhghairdeas le Putin.

Lógó "Noon against Putin"[2]

Cur in aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Slua im Eireaván taobh amuigh den ambasáid, príomhchathair na hAirméine

Bhí sé curtha i leith Vladimir Putin gur lig sé do thriúr iarrthóirí eile seasamh ina choinne, ar mhaithe leis an gcur i gcéill, ach nach raibh siad san iomaíocht, i ndáiríre.[1]

Ní raibh monatóireacht neamhspleách i bhfeidhm ag an toghchán agus tá go leor de lucht cáinte Putin i bpríosún, nó ar deoraíocht.

D'iarr lucht an fhreasúra sa Rúis ar an bpobal diúltú vótáil do Putin, sin nó a gcuid vótaí a mhilleadh.[3] Ar meán lae ar an 17 Márta, bhí na sluaite bailithe ag ionaid vótála sa Rúis agus timpeall an domhain (sna hambasáidí), agus bhí a gcuid míshástachta le Putin follasach (an agóid "Noon against Putin").[2]

An Tríú Cogadh Domhanda, mura miste leat[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an tUachtarán nua tofa, Vladimir Putin, go bhfuil ag géarú ar an imní go mbeidh an Tríú Cogadh Domhanda ann, go háirithe sa gcás go mbeidh coimhlint dhíreach idir an Rúis agus fórsaí a fhaigheann tacaíocht ó ECAT.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Nuacht RTÉ (2024-03-18). ""Ag géarú ar an imní faoin Tríú Cogadh Domhanda" - Putin" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 "Noon Against Putin" (as en) (2024-03-18). Wikipedia. 
  3. Nuacht RTÉ (2024-03-17). "Vótáil sa Rúis" (as ga-IE).