Jump to content

Tiberinus (miotaseolaíocht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarTiberinus
Cineálriver god (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
Miotaseolaíochtcreidimh na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinManto (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileRhea Silvia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíOcnus (en) Aistrigh agus Auletes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid demiotaseolaíocht na Sean-Róimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tiberinus (dealbh ón Campidoglio, an Róimh ).

Is figiúr i miotaseolaíocht Rómhánach é Tiberinus. Ba é dia na Tibire é. Cuireadh é leis an 3,000 abhainn (ba iad clann mhac Oceanus agus Téiteas), mar ghéineas na Tibire.

Miotaseolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Leabhar VIII d'Aeinéid le Veirgil, chuidigh Tiberinus le hAeinéas tar éis dó teacht go dtí an Iodáil ón Traí, ag moladh dó go lorgódh sé comhghuaillíocht le hEuander sa chogadh in aghaidh Turnus agus a chomhghuaillithe (féach bunú na Róimhe ). Thaispeáin Tiberinus é féín d’Aeinéas i mbrionglóid, á rá leis go raibh sé tagtha ar a fhíorbhaile. Mhaolaigh Tiberinus an t-uisce freisin ionas go raibh bád Aeinéas in ann an chathair a bhaint amach go sábháilte. In éineacht le Manto, ba é Tiberinus athair Ocnus .

Dar le Livias, údar Ab Urbe Condita, an chéad ainm a bhí ar an Tibir, ná Albula, is duine de ríthe Alba Longa é, a bádh agus é ag trasnú na habhann seo, agus a thug a ainm don abhainn. [1]

Tugtar dia na habhann ar Tiberinus freisin a d’aimsigh an cúpla Romalas agus Réamas agus a thug é don fhaolchú baineann Lupa (Iodáilis:Lupa Capitolina) (a bhí díreach tar éis a coileáin féin a chailleadh) le haghaidh diúil. Níos déanaí, tharrtháil sé agus phós sé Rhea Silvia, máthair an chúpla agus Maighdean Veisteach a cuireadh chun báis. [2]

Measadh go raibh Tiberinus ar cheann de na déithe abhann ba thábhachtaí agus chinntigh daoine go gcuirfí ofrálacha isteach san Tibir gach Bealtaine. I nDeasghnátha an Argei, tugadh ómós do Tiberinus le seacht bpuipéid tuí is fiche a dtugtaí Argei orthu. [3]

  1. Livy. "Ab Urbe Condita" i: 3. 
  2. Romulus and Remus”.
  3. Morford, Mark and Lenardon, Robert Classical Mythology