Thomas Savery

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Thomas Savery
Thomas Savery.gif
Saol
Eolas breithe Modbury, 1650
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Ríocht na Breataine Móire
Bás Londain, Bealtaine 1715
Oideachas
Teangacha an Béarla
Gairm
Gairm innealtóir comhraic, cumadóir agus innealtóir
Ballraíocht Cumann Ríoga

Innealtóir a rugadh i Shilstone Shasana ab ea Thomas Savery (c 1650 – 1715). Shaothraigh sé is fuair paitinn ar ghaireas chun uisce a chaidéalú as mianaigh (1698) trí ghal faoi bhrú a chur isteach i seomra iata ina raibh uisce, an chéad inneall praiticiúil gaile. Rinne sé roinnt díobh gur tháinig sé le chéile le Thomas Newcomen chun a inneall siúd a fhorbairt, inneall loine gaile a bhí níos éifeachtaí praiticiúla.