Thomas Samuel Kuhn
Appearance
is staraí eolaíochta a saolaíodh i Cincinnati, Ohio, ab ea Thomas Samuel Kuhn (18 Iúil 1922 – 17 Meitheamh 1996). Ina leabhar The Structure of Scientific Revolutions (Struchtúr Réabhlóidí Eolaíochta, 1962) cheistigh sé an coincheap coiteann gur próiseas breisitheach aontreoch í forbairt na heolaíochta. Thug sé isteach coincheap na bparaidímí, grúpa coincheapanna gaolmhara a bhíonn in iomaíocht le chéile ag am athraithe thapa san eolaíocht. In Cambridge, Massachusetts, a fuair sé bás ag an ailse.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Thomas Samuel Kuhn". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 388.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |