Thomas Piketty
Thomas Piketty | |
![]() | |
Piketty sa tSile 2015 | |
Dáta breithe | 7 Bealtaine 1971 |
Clichy, Hauts-de-Seine,An Fhrainc | |
Náisiúntacht | Francach |
Réimsí | Eacnamaíocht |
Iomráiteach do | Prix du meilleur jeune économiste de France Le Capital au xxie siècle |
Eacnamaí mór-le-rá as an Fhrainc is ea Thomas Piketty (a rugadh ar an 7 Bealtaine 1971) a oibríonn ar shaibhreas agus éagothroime ioncaim. Tá sé ina ollamh (directeur d'études) ag an École des Hautes Études en Sciences Sociales (EHESS), cathaoirleach ar an École d’Économie de Paris[1] agus ollamh ag London School of Economics.[2][3]
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Údar an leabhar sárdhíola ′′Le Capital au XXIe siècle′′ ( Gaeilge: Caipitil sa Fiche Chéad hAois ) (2013), is ea Piketty,[4], a leagann béim ar théamaí a chuid oibre ar chomhchruinniú agus dháileadh an tsaibhris thar 250 bliain anuas. Áitíonn an leabhar go bhfuil an ráta aisfhilleadh caipitiúil i dtíortha forbartha go leanúnach níos mó ná an ráta fáis sa gheilleagar, agus go mbeidh fadhb an neamhionannais saibhris ag méadú sa todhchaí. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb, molann Piketty athdháileadh na maoine tré cháin rachmais domhanda a chur i bhfeidhm.[5][6]
Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Piketty i mbruachbhaile de chuid Clichy, Hauts-de-Seine. Bhí a thuismitheoirí bainteach le grúpa Trotscaíoch agus le hagóidí na Bealtaine 1968 i bPáras, ach d'éirigh siad as an seasamh polaitiúil seo sular rugadh Piketty. Thug a chuairt ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1991 fianaise a dhóthain dó tacaíocht a thabhairt don chaipitleachas, mhaoin phríobháideach, agus ar an mhargadh[7].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://www.parisschoolofeconomics.eu/en/piketty-thomas/
- ↑ "CV".
- ↑ "Thomas Piketty joins LSE as Centennial Professor".
- ↑ "Paris School of Economics".
- ↑ "Why We're in a New Gilded Age".
- ↑ "Hey, Big Thinker: Thomas Piketty, the Economist Behind ‘Capital in the Twenty-First Century’ Is the Latest Overnight Intellectual Sensation".
- ↑ "Lunch with the FT: Thomas Piketty".