Thomas Cook

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Thomas Cook

Ceannródaí turasóireachta a rugadh i Melbourne, Derbyshire Shasana ab ea Thomas Cook (22 Samhain 180818 Iúil 1892). Is eagraíocht uiledhomhanda an comhlacht taistil a bhunaigh sé.

D'eagraigh Cook grúpa taistil den chéad uair ar 5 Iúil 1841 nuair a chuir sé 500 duine ó Leicester Shasana go Loughborough agus iad ar misean ólséanta. Duine cráifeach den chreideamh Baisteach é Cook. Sa bhliain 1845 thosaigh sé ag eagrú grúpaí go Learpholl agus sa bhliain 1851 grúpaí turasóirí go dtí mór roinn na hEorpa. I mBergen, san Iorua a fuair sé bás.