The Sorrow of War

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharThe Sorrow of War
(vi) Thân phận của tình yêu Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarBao Ninh Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Vítneaimis Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánVítneam, 1990 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharCogadh Vítneam Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaVítneam Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal de chuid Bảo Ninh, scríobhnóir Vítneamach The Sorrow of War (Vítneamis: Nỗi buồn chiến tranh) foilsithe sa bhliain 1991. Ba é a thráchtais le haghaidh cáiliú ón Nguyen Du Writing School in Hanaí é. Scéal iar-shaighdiúra atá ag bailiú coirpeanna ag deireadh an cogaidh idir Vítneam thuaidh agus Na Stáit Aontaithe é. Músclaíonn an obair a chuimhne faoin am ar chaith sé san arm Vít Cong. Bhain an t-úrscéal duais The Independent Foreign Fiction Prize.

Original and English version[edit][cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Bảo Ninh aitheantas amach in Hanaí leis an chéad leagan, Thân phận của tình yêu (Béarla: The Destiny (Identity) of Love).Go luath ina dhiaidh sin d'aistrigh Phan Thanh Hao go Béarla é agus do athscríobh iriseoir astrálach Frank Palmos ar son na foilsitheoirí sasnacha Secker & Warburg é. Rinne Frank Palmos tuairisciú ar an gcogadh i rith an gcogadh agus bhí leabhar Ridding the Devils (1990) faoin gcogadh, foilsithe cheana féin aige. Bhí aistriúchán Phan Thanh Hao de Ridding the Devils léite ag Bao Ninh agus thug sé a chead go lán toilteanach don aistriúchán. Foilsíodh an leagan béarla sa bhliain 1994, faoin ainm The Sorrow of War, tar éis dlúth comhoibre idir an scríobhnóir agus an aistritheoir.

Bhí cóipeanna neamh-oifigiúl ar fáil go forleathan i mBéarla in Vítneam. Díoladh níos mó cóipeanna bréagacha Béarla de The Sorrows of War ná cóipeanna oifigiúil. Sa bhliain 2017 deimhní The Book Distributors Guild de Vítneam gurbh é The Sorrows of War an leabhar is mó díol riamh in Vítneam.

Overview[edit][cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sruth smaointeachais é The Sorrow of War. Tosnaíonn sé le scata iar-shaighdiúraí ag baileadh creatlaí a chomráidithe tar éis an gcogadh chun iad a chuir i gcré na cille le na deasghnáithe cuí. Leanann an scéal ar aghaidh, insithe ag an bpríomhcharactéir Kien, gan ord croineolaoích, le cuir síos ar cailiúnt a shoineantacht, cailiúnt searc a chroí agus an fhulaingt agus brúidiúleacht i rith an cogadh.

Ag an tús tá Kien ag taisteal tríd an áit tréigthe seo, a thugann sé 'an dufair de na n'anama atá ag liú'. Is ann a scriosadh a chathlán féin. Musclaíonn an áit seo mothúcháin láidre i Kien agus is tríd ana chuid stracfhéicint siar ar eachtraí agus tarluithe áirithe a chruthaítear an scéal. Tá ana chuid de na heachtraí bainte le Phuong, a chéad searc, agus an caidreamh eatarthu a scrios an cogadh. Tríd an insint ar fad is féidir le Kien cuir síos a dhéanamh ar an troid fhíochmhar, an streachailt, scrios an daonnacht, agus na híobairtí uasail a rinneadh freisin i rith na hama. Tá ana chuid cuir síos ar taibhsí agus neachanna neamhshaolta atá fannta tar éis an cíor thuathail ar fad. Cuireann sé seo leis an scéal agus cruthaíonn sé suíomh neamhréalaíoch a ligeann don léitheoir an cogadh amscaí a shamhlú.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Soldier's tale wins foreign fiction award". The Independent. Archived