Théo van Rysselberghe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaThéo van Rysselberghe

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Théo Van Rysselberghe
Beathaisnéis
Breith23 Samhain 1862
Gent, An Bheilg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Nollaig 1926
64 bliana d'aois
Le Lavandou, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadémie royale des Beaux-Arts (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona
Gairmpéintéir, dealbhóir, amharc-ealaíontóir, ealaíontóir grafach, maisitheoir, dearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1877 –  1926
Ball de
Les XX (en) Aistrigh (1883–1893) Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
GluaiseachtNeo-impressionism (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidJean-François Portaels
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMaria Van Rysselberghe Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteÉlisabeth Van Rysselberghe Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínCharles van Rysselberghe, Octave van Rysselberghe agus François Van Rysselberghe
Gradam a fuarthas

Péintéir nua-Impriseanaíoch Beilgeach ab ea Théophile "Théo" van Rysselberghe (23 Samhain 186214 Nollaig 1926). Bhí tionchar tábhachtach aige ar an ealaíon san Eoraip timpeall thús na 20ú haoise. I nGhent na Beilge a rugadh é i dteaghlach den mheánaicme ina labhraíodh Fraincis.

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne van Rysselberghe staidéar an an bpéintéireacht in Acadamh Ghent faoi Theo Canneel agus, ag tosnú sa bhliain 1879, in Académie Royale des Beaux-Arts sa Bhruiséil faoi stiúradh Jean-François Portaels. Bhí na péintéireachtaí a rinne Portaels a raibh An Afraic Thuaidh mar théama acu go mór i bhfaisean sa Bheilg—Oirthearachas a thugtar ar an stíl agus ábhar seo—agus chuaigh van Rysselberghe go tuaisceart na hAfraice trí huaire sna blianta 1882–1888, ag caitheamh bliain go leith san iomlán ann.

Thosaigh van Rysselberghe scaradh ón réadúlachas Beilgeach beagnach ón tús agus bhí sé páirteach i ngrúpa ealtaíontóirí radacacha. Chuaigh sé leis an impriseanachas agus, ar feadh tamall, leis an pointíleachas.

Triúr dheirfiúracha, 1904

Cé go raibh van Rysselberghe ar na nua-Impriseanaigh ba thábhachtaí, tá an chuid is mó dá shaothar i seilbh bailitheoirí ealaíne príobháideacha agus, mar sin, is annamh a bhíonn siad le feiceáil go poiblí. Tugadh €2.6m ar phéintéireacht leis, Port Cette" (1892), agus é ar ceant i Nua-Eabhrac sa bhliain 2006.

Fuair sé bás in St.-Clair, Var, sa Fhrainc agus is ann a bhfuil sé curtha. Ailtire a bhí ina dheartháir.