Teirmeastar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teirmiméadar leictreonach leathsheoltóra, bunaithe ar phíosa an-bheag sileacain nádúrtha. Titeann a fhriotaíocht go tapa nuair a mhéadaíonn an teocht. Is giorrú an t-ainm Béarla thermistor ar fhriotóir teirmeach. An-bheag, agus toisc nach gcuireann sé isteach ar an gcóras intomhaiste, is iontach é mar bhrathadóir teochta. Déanta as cóbalt, nicil is ocsaíd mhaignéisiam, measctha le púdar copair. I 1946 cuireadh os comhair an phobail den chéad uair é chun radaíocht infridhearg nó teasradaíocht a bhrath. Úsáidtear teirmeastóir i gciorcaid leictreonacha chun teocht a thomhas nó a rialú, i dtonntreoruithe chun an chumhacht tarchurtha a thomhas, agus i gciorcaid mhoill ama.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Teirmeastar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 656.