Friotóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhbhall i gciorcad leictreach a chuirtear ann chun friotaíocht chinnte a bheith ann agus teorainn ar leith a chur leis an sruth leictreach ann. Athraíonn an fhriotaíocht nuair a mhéadaíonn an teocht, ag méadú i miotail is ag laghdú i leathsheoltóirí. Athraíonn sí le cruth is méid an tseoltóra, ag méadú nuair a éiríonn an seoltóir níos faide nó níos caoile.