Teiripe chrágtha
Cuma
MeSH | D015913 |
---|
Cóireáil ar dhuine a nimhíodh le miotal trom, trí ábhair bhithcheimiceacha a thabhairt go hinfhéitheach chun go nascfaidh siad le hiain an mhiotail throm chun iad a díghníomhú is a bhaint amach as an gcolainn. Tugtar oibreáin chrágtha ar na hábhair a thugtar, agus bíonn siad difriúil ó othar go hothar, ag brath ar an miotal trom a ionghabhadh. Tá taighde ar siúl, féachaint an féidir teiripe den saghas seo a úsáid ar na deascthaí cailciam in artairiscléaróis, ach níl aon chruthú fós go bhfuil sí rathúil chuige seo.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teiripe chrágtha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 655.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |