Teilifíseán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
📺Teilifíseán

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí bunúsacha
Úsáidsiamsa

Feadán ga-chatóideach ar leith a bhí i dteilifíseán sa 20ú haois. Sa chás seo tá dhá voltas shábhfhiaclacha, ceann amháin a athdhéanann a chlaonadh ag minicíocht 25 Hz is a shraonann an pointe breo go ceartingearach ó bharr go bun, agus an ceann eile a shraonann an pointe breo go cothrománach ó chlé go deas 625 uair le linn tréimhse amháin den sraonadh ceartingearach.

An sraonadh líne a thugtar ar an dara ceann seo, agus is é an sraonadh fráma an chéad cheann. Agus iad ag feidhmiú le chéile, is amhlaidh a shraonann siad an pointe breo i bhfiarláin chun fráma iomlán de 625 líne a ghrinniú 25 uair gach soicind.

Radio News, M.F. 1928

Le linn grinneadh gach líne soláthraítear an comhartha físe do ghreille sa leictreonghunna, rud a mhodhnaíonn déine an léas leictreon, rud a mhodhnaíonn déine lonrach an tsolais a astaítear ag an bpointe breo ar an scáileán.

I bhfráma ar bith mar sin, is féidir patrún an lonraithe sa radharc a léiriú. Má bhíonn gluaiseacht sa radharc céanna, is féidir í a léiriú chomh maith de bhrí go n-athdhéantar an fráma 25 uair gach soicind.

Science and Invention Television 1928

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 10 Bealtaine 1928, cuireadh tús leis an chéad chraoladh rialta teilifíse i dtuaisceart Stát Nua-Eabhrac i Schenectady (W2XB)[1]. Stáisiún teilifíse de chuid General Electric a bhí ann.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Braun HF 1, an Ghearmáin, 1959.
  1. https://en.wikipedia.org/wiki/WRGB
  2. Hussey, Matt (2011). "Teilifíseán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 653.