Teileascóp Cassegrain
Cuma
Teileascóp a dhear an t-eolaí Francach Louis Cassegrain (c 1629-1693) i 1672. Anois is é an córas optúil is coitianta i gcomhair teileascóip. Príomhscáthán parabólóideach ann, agus poll ina lár. Bíonn scáthán tánaisteach hipearbolóideach suite taobh istigh d'fhócas an phríomhscátháin, agus an súilphíosa taobh thiar den phríomhscáthán. Baineann an chuid is mó de na teileascóip ollmhóra optúla ar Domhan feidhm as an eagar seo. Is athraitheach air teileascóp Schmidt-Cassegrain, ina bhfuil lionsa ceartaithe freisin, a úsáidtear i réalteolaíocht amaitéarach den chuid is mó.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teileascóp Cassegrain". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 120.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |