Teangacha Khoisan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Khoisan
Cineálfine teangacha
Úsáid
Cainteoirí dúchais370,000
Cóid
ISO 639-2khi
ISO 639-5khi
IETFkhi
Teangacha Khoisan (buí)

Is iad na teangacha Khoisan an fhine teangacha is lú san Afraic. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn muintir an fhásaigh Kalahari in iardheisceart na hAfraice iad, chomh maith le pobail bheaga sa Tansáin. Is í an teanga Khoisan is mó a labhraítear ná an teanga Nama, atá ó dhúchas ag 250,000 duine, agus is í an teanga Sandawe sa Tansáin an dara teanga is fairsinge, agus í á labhairt ag 40,000 cainteoir. An chuid is mó de na teangacha seo, is teangacha neamhfhorleathana iad atá ag saothrú an bháis cheana féin, agus cuid mhór acu níltear á saothrú mar theangacha scríofa. Aicmitear na teangacha Hadza agus Sandawe sa Tansáin san fhine seo, ach le fírinne, tá craobhacha na fine seo an-difriúil le chéile, agus tá roinnt teangeolaithe barúlach nach bhfuil san fhine teangacha seo ach hipitéis nach bhfuil cruthaithe go fóill.

Ba é an teangeolaí Meiriceánach Joseph Greenberg a shainaithin an fhine teangacha seo an chéad uair, ach is é an teist atá ar Ghreenberg go bhfuil sé i bhfad rófhonnmhar chun finte teangacha a aithint agus teangacha a ghrúpáil iontu. Is é an tuiscint atá ag teacht chun solais faoi láthair ná gur teangacha aonaraíocha gan ghaolta iad an teanga Sandawe agus an teanga Hadza, agus gur trí fhine teangacha iad an chuid eile de na teangacha Khoisan, mar atá, na teangacha Khoe-Kwadi, na teangacha Kx'a, agus na teangacha Tuu. Ní aicmiú deifnídeach é seo go fóill, áfach. Mar shampla, cé go nglactar leis inniu nach bhfuil gaolta ar bith ag an teanga úd Hadza, táthar ag déanamh gur féidir go bhfuil lúb ghaoil ag an teanga Sandawe leis na teangacha Khoe-Kwadi i ndiaidh an iomláin.


Is iad na smeach-chonsain a thuill a gclú do na teangacha Khoisan i measc na dteangeolaithe. Sa teanga Ju/'hoan, tá thart ar 30 smeach-chonsan agus 90 fóinéim éagsúla go léir, ina measc gutaí faraingeacha, gutaí sárfharaingeacha agus 4 thon. Tá na teangacha !Xóõ agus ‡Hõã chomh casta céanna.

Ní úsáideann ach dornán beag teangacha na smeach-chonsain mar fhóinéimí. Tá cúpla teanga Bhantúch i ndeisceart na hAfraice, go háirithe an teanga Xhosa, an tSúlúis agus an teanga Sesotho tar éis na smeachanna a fháil ar iasacht ó na teangacha Khoisan. Thairis sin, tá siad le cloisteáil sa teanga Dahalo sa Chéinia, teanga a bhaineann leis an ngrúpa Cúisiteach agus sa teanga Damin san Astráil, teanga mharbh nach mbaintí úsáid aisti ach i searmanais áirithe. Is í an teanga Damin an t-aon teanga amháin taobh amuigh den Afraic a bhfuil na smeachanna in úsáid inti.

Go ginearálta, is teangacha scoite iad na teangacha Khoisan. Mar sin, bíonn ordú, dul agus comhréir na bhfocal níos tábhachtaí ná an t-infhilleadh. Sna teangacha Khoisan a labhraítear sa Tansáin, áfach, bíonn iarmhíreanna gramadúla sách coitianta.

Teangacha beaga iad na teangacha Khoisan, agus cuid mhór acu ag saothrú an bháis cheana féin. Is í an teanga Khoekhoe nó Khoekhoegowab an ceann is líonmhaire cainteoirí de na teangacha seo, agus dhá chéad míle go leith de dhaoine á labhairt ó dhúchas. Ceann de na teangacha Khoe-Kwadi í, agus stádas réasúnta láidir aici sa Namaib.

Na teangacha Khoe-Kwad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an teanga Khoekhoegowab an ceann is tábhachtaí de na teangacha Khoe. Is é an gaol is dlúithe atá aici ná an teanga Khoemana, ach is teanga í sin atá beagnach marbh: an dream eitneach a mbaineann sí léi, mar atá, an treibh úd GriquaGriekwa, chuaigh sí leis an Afracáinis mar theanga, cé go bhfuil féiniúlacht ar leith ag an dream eitneach i gcónaí.

Craobh eile de na teangacha Khoe iad na teangacha a labhraítear i nGaineamhlach Kalahari - na teangacha Tshu-Khwe. Áirítear dhá ghrúpa canúintí taobh thiar den fhoghrúpa Tshu-Khwe, mar atá, an grúpa thiar (na canúintí nó na teangacha úd Kxoe, Naro agus Gǁana–Gǀw) agus an grúpa thoir (na teangacha úd Shua agus Tsoa). Tá siad chomh gar don teanga Khoekhoegowab is gur féidir comh-intuigtheacht áirithe a aithint idir iad agus an leagan caighdeánaithe den teanga Khoekhoegowab.

Maidir leis an teanga Kwad, is teanga mharbh í a bhíodh á labhairt in Angóla. Tá sí aicmithe in aon fhine leis na teangacha Khoe, ach i ndáiríre níl sí doiciméadaithe ach ar éigean, agus ní furasta a rá cé acu a bhí gaol aici leis na teangacha Khoe nó nach raibh.

Na teangacha Tuu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is mó de na teangacha seo marbh. An t-aon teanga a labhraítear i gcónaí, is í an teanga !Xoon (Taa, Xóõ) í, agus í ó dhúchas ag ceithre mhíle duine. Is iad an teanga seo agus an teanga úd Nossob (nó Nossob Íochtarach) an dá cheann i gcraobh Taa na dteangacha Tuu, ach tá an teanga Nossob marbh inniu. Tá na teangacha sa chraobh eile, !Kwi (!Ui), imithe nó ag foghlaim an bháis. An teanga ǀXam, as ar tháinig mana na hAfraice Theas, ceann de na teangacha !Kwi í, ach fuair na cainteoirí deireanacha dúchais bás sna 1910idí.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]