!Xóõ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llengua!Xóõ

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais4,200
Á labhairtGhanzi District (en) Aistrigh agus Kweneng District (en) Aistrigh
Dúchasach doGhanzi District (en) Aistrigh, Kgalagadi District (en) Aistrigh, Kweneng District (en) Aistrigh, Southern District (en) Aistrigh agus Hardap Region (en) Aistrigh
Stáitan Bhotsuáin agus an Namaib
Aicmiú teangeolaíoch
teangacha Cadhsanacha
Tréithe
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-3nmn
Glottologtaaa1242
Ethnologuenmn
UNESCO1441
IETFnmn
Endangered languages593

Ceann de na teangacha Khoisan is ea an teanga !Xóõ, agus í saibhir as an ngnáth i bhfóinéimí, níos saibhre ná aon teanga eile. Ar nós na dteangacha eile san fhine Khoisan, tá cuid mhaith smeach-chonsan agus gutaí laraingeacha sa teanga !Xóõ.

Labhraíonn thart ar 4,200 duine !Xóõ, agus cónaí orthu sa Bhotsuáin agus sa Namaib don chuid is mó.

Is gá a phointeáil amach nach bhfuil gach teangeolaí den tuairim go bhfuil gaol ag na teangacha Khoisan go léir le chéile. Cuid mhaith de na saineolaithe, síleann siad go bhfuil níos mó ná aon fhine teangacha amháin i gceist leis na teangacha Khoisan. De réir na tuisceana seo, is ball de na teangacha Ta'a-!Kwi (nó na teangacha Tuu) í an teanga !Xóõ, agus níl aon teanga bheo eile fágtha san fhine áirithe seo ná an teanga N|u. Tá an teanga N|u ag saothrú an bháis cheana, agus chreidtí marbh í cheana féin, ach thángthas trasna ar dhornán seanchainteoirí sna 1990idí.

Teanga thonúil í an teanga !Xóõ freisin, agus ceithre thon éagsúla ann, cosúil leis an tSínis chaighdeánaithe.

Is é an t-ordú focal is dual don teanga ná SVO, is é sin, is é an t-ainmní a thagann ar dtús, an briathar a thagann ar lorg an ainmní, agus an cuspóir a thagann sa deireadh - cosúil leis an mBéarla agus le cuid mhaith de na teangacha Eorpacha. Tríd is tríd, is iad na fuaimeanna an chuid is deacra den teanga seo, nó níl an ghramadach leath chomh coimhthíoch sin - baineann sí úsáid as réamhfhocail, agus tagann na ginidigh, na haidiachtaí agus na clásail choibhneasta ar lorg an fhocail a bhfuil siad ag tagairt dó, cosúil leis an nGaeilge. Scéal eile go dtagann na huimhreacha i ndiaidh an ainmfhocail freisin, rud nach dtarlaíonn sa Ghaeilge ach leis an uimhir amháin (duine amháin, mar shampla).

B'é Anthony Traill, teangeolaí ón Afraic Theas a fuair bás i Mí Aibreáin 2007, an duine ba mhó a rinne taighde ar an teanga !Xóõ. Bhreac sé síos foclóir agus gramadach na teanga.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]