Teangacha Altaecha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaTeangacha Altaecha
Cineálfine teangacha agus sprachbund (en) Aistrigh
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Nostraitic
Cóid
ISO 639-2tut
ISO 639-5tut
Glottologalta1235
IETFtut

Fine teangacha is ea na teangacha Altaecha a bhfuiltear go mór mór in amhras faoi ar na saolta seo. Is iad na teangacha seo is gnách a chur san áireamh:

  • na teangacha Mongólacha, ar nós na Mongóilise féin, chomh maith leis na teangacha agus na canúintí gaolmhara a labhraítear sa Mhongóil féin, sa tSín agus sa Rúis
  • an tSeapáinis (agus na canúintí in Oileáin Ryukyu, más canúintí iad ar aon nós: tá siad gaolmhar leis an tSeapáinis, ach ní bhíonn siad intuigthe acu siúd nach bhfuil ach Seapáinis chaighdeánta acu)

Uaireanta, glactar leis go bhfuil an teanga Ainu, a bhí á labhairt i dtuaisceart na Seapáine go dtí le déanaí, ina ball den fhine teangacha seo chomh maith.

Faoi láthair, níl san fhine teangacha seo ach tuairimíocht - is fearr leis na teangeolaithe a bheith ag trácht ar an hipitéis Altaech ná ar an bhfine Altaech. Níl siad ar aon bharúil, ach oiread, faoi na teangacha ba chóir a chur san áireamh. Is ar éigean a bheadh aon duine sásta "teangacha Altaecha" a thabhairt ar na teangacha thuasluaite go léir. Is iad na teangacha Mongólacha, na teangacha Tuircice agus na teangacha Tungúsacha is minicí a áirítear mar theangacha Altaecha, ach níl na teangeolaithe go léir admhálach go bhfuil an trí ghrúpa seo gaolmhar le chéile, ach an oiread.

Ba é an teangeolaí Fionlannach Matthias Alexander Castrén an chéad duine ar rith an hipitéis Altaech leis. É féin bhí sé tar éis taighde cuimsitheach a dhéanamh ar theangacha na Sibéire agus é ag iarraidh teacht ar ghaolta na Fionlainnise. Rinne sé an-obair ceannródaíochta ina thaiscéalaí taighde ag leagan amach crann ginealais na dteangacha Úralacha. San am chéanna, tá sé sábháilte a rá go ndeachaigh sé thar fóir, nó bhí seisean den bharúil go raibh, fiú, na teangacha Úralacha (na teangacha Finne-Úgracha agus na teangacha Samódacha) gaolmhar leis na teangacha "Altaecha" - d'fhéadfá hipitéis Úral-Altaech a thabhairt ar an leagan seo den hipitéis. Nuair a socraíodh nach raibh gaol ag na teangacha Úralacha leis na teangacha Altaecha, mhair a lán teangeolaithe ag síleadh gur grúpáil chiallmhar a bhí san "fhine Altaech". Bhí a lán teangeolaithe sásta leis an hipitéis "Úral-Altaech" féin ar feadh i bhfad, áfach, agus níor dealaíodh na teangacha Úralacha ó na teangacha Altaecha go deifnídeach ach faoi lár na fichiú haoise. Ba é ba phríomhchúis leis seo ná gur thosaigh na saineolaithe ag cur amhrais san fhine Altaech sa chiall chúng féin.