Teanga Struchtúrtha Iarratas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
SQL.png

Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón mBéarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Tá sé anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.

Fuaimniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".

SQLWindowFunction.svg

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhorbair an comhlacht IBM é Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987. Leathnaíodh an teanga chun sainmhíniú struchtúr an bhunachair a chuimsiú[1].

Caighdeánú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Ainm Ailias Nótaí tráchta
1986 SQL-86 SQL-87 Céadfhoilsithe ag ANSI. Daingnithe ag ISO i 1987.
1989 SQL-89 Mionleasú.
1992 SQL-92 SQL2 Leasú mór (ISO 9075).
1999 SQL:1999 SQL3
2003 SQL:2003  
2006 SQL:2006   Tugtar sainmhíniú in ISO/IEC 9075-14:2006 ar shlite inar féidir úsáid a bhaint as SQL in éineacht le XML.
Table Module.svg

Eochairfhocail SQL[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.

Aisghabháil sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair sonraí le haghaidh idirbheart.

SELECT (roghnaigh)

 Sampla 1:
  SELECT * FROM leabhair
  WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00
  ORDER BY teideal

Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.

 Sampla 2:
   SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair
   FROM leabhair
   JOIN leabhar_údair
     ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair
   GROUP BY leabhair.teideal

Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.

Integración mediante SQL...jpg

Ionramháil sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.

  • INSERT: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).
  • UPDATE: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.
  • MERGE
  • DELETE: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT:
INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE:
UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE:
DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';

Rialúcháin idirbhirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sainiú sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.

  • CREATE
  • DROP
  • TRUNCATE
  • ALTER

Rialúchán sonraí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cáineadh ar SQL[cuir in eagar | athraigh foinse]

Malartach ar SQL[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)