Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán
Organisation internationale de normalisation International Organization for Standardization | |
Ballstáit (féach anseo) | |
Ceanncheathrú: | Ginéiv, An Eilvéis |
Ballraíocht: | 157 stáit mar bhaill |
Teangacha oifigiúla: | Béarla, Fraincis |
Foirmiú: | 23 Feabhra, 1947 |
Suíomh gréasáin oifigiúl: | http://www.ISO.org |
Is comhlachas idirnáisiúnta í Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán nó International Organization for Standardization (ISO) le haghaidh socrú na gcaighdeán. Bunaíodh ar an 23 Feabhra 1947 í. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i nGinéiv na hEilvéise. Tá eagraíochtaí náisiúnta ó 157 tír ina mbaill den eagraíocht.
An t-ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann an t-ainm ón bhfocal Gréigise ίσος (isos), a chiallaíonn "ionann". I mBéarla, is é International Organization for Standardization ainm iomlán an fhorais, agus i bhFraincis tugtar Organisation internationale de normalisation air. Béarla agus Fraincis an dá theanga oifigiúla atá aige, agus mar sin bheadh acrainmneacha difriúla ag an eagraíocht, IOS as Béarla agus OIN as Fraincis, dá mbeadh acrainm ar leith á úsáid acu. Roghnaigh bunaitheoirí na heagraíochta an t-ainm céanna "ISO" mar fhoirm ghearr uilíoch den ainm.[1]
Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |