Ilstórach
Cuma
(Athsheolta ó Teach spéire)
Teach spéire is ea ilstórach, nó foirgneamh ilstórach an-ard, de réir cineáil, le creatlach cruach is balla cuirtín (nach n-iompraíonn meáchan an fhoirgnimh os a chionn), agus teacht ar na hurláir le hardaitheoirí ardluais.
William Le Baron Jenney a thóg an chéad teach spéire i Chicago i 1885, bunaithe ar chearchaillí cruach.
Tháinig an téarma ‘teach spéire’ in úsáid ag deireadh an 19ú céad. I measc na dtithe spéire is cáiliúla ó na 1920idí i Nua-Eabhrac, tá an Chrysler Building (1928-1930) agus an Empire State Building (1930-1931).
Is iad na hilstóraigh is airde ar Domhan Menara Petronas in Kuala Lumpur (452 m), Taipei 101 sa Téaváin (509 m), agus Burj Khalifa i nDubai (828 m) a osclaíodh i 2010.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ilstórach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 364.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |