Tamminiemi
Tamminiemi | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Foirgneamh, músaem, foirgneamh cónaithe, villa, músaem tí, main house (en) , foirgneamh rialtais agus músaem | |||
Cuid de | Meilahti Villa Area (en) agus Músaem Náisiúnta na Fionlainne | |||
Ailtire | Sigurd Frosterus Gustaf Strengell | |||
Foirgníocht | 1904 1903 11 Meitheamh 1903 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1986 | |||
Úsáid | músaem, áras oifigiúil agus sheltered housing (en) | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Art Nouveau | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Heilsincí, An Fhionlainn | |||
Suíomh | Seurasaarentie 15 | |||
| ||||
Codanna | Tamminiemi (en) | |||
Building protected by city plan (en) | ||||
Am | 14 Meitheamh 1985 | |||
Building protected by Decree 480/85 in Finland (en) | ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | Government of Finland (en) (1940–1987) Músaem Náisiúnta na Fionlainne (1987–) | |||
Sealbhóir | Risto Ryti (1941–1944) C. G. E. Mannerheim (1944–1946) Urho Kekkonen (1956–1986) | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | kansallismuseo.fi… | |||
Teach mór i Meilahti, Heilsincí, is ea Tamminiemi, nó Villa Ekudden as Sualainnis. Ciallaíonn "Tamminiemi" nó "Ekudden" Ros na Darach. Ba iad na hailtirí Sigurd Frosterus agus Gustaf Strengell a dhear é i stíl jugend, agus tógadh sa bhliain 1904 é. Tá an teach suite in áit álainn cois farraige, agus é timpeallaithe ag gairdín mór. Ba le muintir Nissen, teaghlach trádála, an teach ar dtús, ach ina dhiaidh sin, chuaigh sé ó dhuine go duine, go dtí gur bhronn Amos Anderson, fear gnó agus mórurraí is maoinitheoir ealaíon, ar an stát é sa bhliain 1940. Is leis an Uachtarán Urho Kekkonen a shamhlaítear an teach inniu, agus músaem ag obair sa teach atá tiomnaithe do Kekkonen agus dá oidhreacht.
Ba iad Risto Ryti agus C. G. E. Mannerheim na hUachtaráin a bhain úsáid as Tamminiemi roimh Kekkonen. Maidir le Juho Kusti Paasikivi, a bhí ina Uachtarán deireanach roimh Kekkonen, b'fhearr leis Caisleán an Uachtaráin i lár na cathrach. Thug Kekkonen taithneamh don teach, áfach, agus chuir seisean faoi i dTamminiemi. Cuireadh bail ar an teach, agus tógadh sabhna adhmaid ar an gcladach in aice leis. Chaitheadh Kekkonen an chuid ba mhó dá am i dTamminiemi nuair nach raibh dualgaisí air taobh amuigh den chathair, agus ba mhinic a thagair na nuachtáin do Kekkonen mar "Tamminiemi". Ba mhinic a d'fháiltigh sé ealaíontóirí agus fiú radacaigh óga go Tamminiemi sna seascaidí, nuair a theastaigh uaidh iad a cheangal den chóras polaitiúil, agus thagadh a chuid seanchairde ar cuairt le folcadh sabhna a fháil i dteach an Uachtaráin. Bhí an tUachtarán agus a bhean chéile ina léitheoirí móra, agus bhailigh siad leabharlann as an ngnáth.
Sa bhliain 1980, d'fhoilsigh an tUachtarán Kekkonen leabhar beag faoin teideal "Tamminiemi", inar leag sé síos a chuid príomhphrionsabal mar pholaiteoir. Dearctar ar an leabhrán mar "thiomna polaitiúil". Nuair a theip a shláinte ar an Uachtarán, i gcruth is gur éirigh sé as, ceadaíodh dó fanacht i dTamminiemi go deireadh a shaoil, agus b'ansin a fuair sé bás sa bhliain 1986. I ndiaidh a bháis, hiompaíodh an teach ina mhúsaem, agus bhronn muintir Kekkonen cuid mhaith den troscán ar an músaem leis an atmaisféar ceart a chinntiú.
Sa bhliain 1993, tógadh áras nua Uachtaráin i Meilahti, agus níl sé suite i bhfad ó Tamminiemi. In aithris ar Tamminiemi, tugadh Mäntyniemi, nó Talludden as Sualainnis, ar an áit nua - "Ros na Giúise" is brí leis.
Is síol faoi thíreolaíocht na Fionlainne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |