Juho Kusti Paasikivi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Juho Kusti Paasikivi
Paasikivi fi01 06a.jpg
comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Bealtaine 22, 1907 - Bealtaine 31, 1909
Dúiche: Satakunta
Toghchán: 1907 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh, 1908 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh
comhalta de Pharlaimint na Fionlainne

Márta 1, 1910 - Feabhra 1, 1914
Dúiche: Satakunta
Toghchán: 1910 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh, 1911 Finnish parliamentary election (en) Aistrigh
Príomh-Aire na Fionlainne

Bealtaine 27, 1918 - Samhain 27, 1918
Pehr Evind Svinhufvud - Lauri Ingman
Príomh-Aire na Fionlainne

Samhain 17, 1944 - Márta 9, 1946
Urho Castrén - Mauno Pekkala
7. Uachtarán na Fionlainne

Márta 11, 1946 - Márta 1, 1956
C. G. E. Mannerheim - Urho Kekkonen
Saol
Ainm iomlánJohan Gustaf Hellstén
Eolas breitheHämeenkoski, 27 Samhain 1870
NáisiúntachtAn Fhionlainn
BásHeilsincí, 14 Nollaig 1956
Áit adhlacthaHietaniemi cemetery (en) Aistrigh
Muintir
AthairAukusti Hellsten
MáthairKaroliina Vilhelmiina
Céile/CéilíAnna Paasikivi  (1897 -  1931)
Alli Paasikivi  (1934 -  Nollaig 14, 1956)
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Alma materImperial Alexander University (en) Aistrigh
Helsinki Normal Lyceum (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaisdochtúir an dá dhlí
TeangachaAn Fhionlainnis
An tSualainnis
an Fhraincis
An Ghearmáinis
An Rúisis
Gairm
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, dlíodóir agus baincéir
Áit oibreHeilsincí
FostóiríOllscoil Heilsincí
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Cleamhnú
ReiligiúinLiútarachas
Páirtithe polaitíochtaKokoomus
Páirtí na Fionlainne
IMDbnm3500602
PaasikiviSignature.png

Ba é Juho Kusti Paasikivi, a rugadh ar an 27ú Samhain 1870 agus a fuair bás ar an 14 Nollaig 1956, seachtú hUachtarán na Fionlainne (1946-1956). Bhí sé ina pholaiteoir de chuid an Suomalainen puolue (An Páirtí Fionlannach) agus an Kansallinen Kokoomus (páirtí coimeádach na Fionlainne). Bhí sé ina Phríomh-Aire ar an bhFionlainn faoi dhó: an chéad uair sa bhliain 1918 agus an dara huair sna blianta 1944-46).[1] Thairis sin, bhí poist oifigiúla eile ag Paasikivi, agus tionchar aige ar eacnamaíocht agus polaitíocht na Fionlainne ar feadh breis agus caoga bliain.

Cuimhnítear ar Paasikivi mar phríomh-ailtire ar bheartas eachtrach na Fionlainne tar éis an Dara Cogadh Domhanda; [2]; mar shampla, rinne Cumann Paasikivi (Fionlainnis:Paasikivi-seura), a bunaíodh i 1958 faoi cheannaireacht Jan-Magnus Jansson, iarracht oidhreacht pholaitiúil Paasikivi a chothú, go háirithe le linn an Chogaidh Fhuair, trí mhachnamh ar pholasaí eachtrach bunaithe ar an bhfírinne a chur chun cinn san Fhionlainn agus beartas neodrachta na Fionlainne a chur ar eolas go hidirnáisiúnta. [3]

Luathshaol agus gairmréim pholaitiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

J.K. Paasikivi sa bhliain 1893

Breith agus óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Paasikivi, leis an ainm Johan Gustaf Hellsten, sa bhliain 1870, ag an sána deataigh i dteach Kulma-Seppälä i sráidbhaile Koski Hl (Hämeenkoski inniu) i Päijänne Tavastia i nDeisceart na Fionlainne, a saolaíodh do cheannaí taistil ó Tamperean darbh ainm August Hellsten agus a bhean chéile, Karolina Wilhelmina, née Selin. Bhí tuismitheoirí Hellsten ina gcónaí i Tampere, ach rugadh an mac ar a dturas gnó go margadh Lahti. Tar éis dó filleadh abhaile, cláraíodh Hellsten go hoifigiúil i leabhair eaglaise Tampere.Fuair máthair Hellsten bás nuair a bhí sé ceithre bliana d'aois, agus fuair a athair bás i bhfiacha nuair a bhí Hellsten ceithre bliana déag d'aois. Fuair leathdheirfiúr Hellsten Karolina bás go luath ina dhiaidh sin. Ar bhás a athar, ghlac aintín Hellsten, Kaisa Hagman, freagracht as é a thógáil. D'aistrigh Hellsten a ainm go leagan Fionlainnise dá ainm 'Juho Kusti Paasikivi', sa bhliain 1885. Ciallaíonn a shloinne "cloch bhuí" go litriúil sa dá theanga.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ghleacaí agus lúthchleasaí díograiseach é an Paasikivi óg. D'aithin a athair tallann acadúil a mhic agus chláraigh sé é ar bhunscoil den scoth in Hämeenlinna tar éis dó bheith ag freastal go gairid ar scoil i Hollola. Léirigh Paasikivi fonn léitheoireachta luath, agus ba é an dalta ab fhearr ina rang.[4] Chuaigh sé isteach in Ollscoil Heilsincí sa bhliain 1890, agus bhain sé céim Bhaitsiléara amach i dteanga agus i litríocht na Rúise i mBealtaine 1892, cúrsa staidéir a bhí úsáideach ina dhiaidh sin sa saol. An geimhreadh ina dhiaidh sin, d'athraigh Paasikivi a chroí-ábhar go dlí, agus ghnóthaigh sé céim Mháistreachta sa Dlí agus sa deireadh, i 1902, a Dhochtúireacht s Dlí. Le linn a chuid scolaíochta, choinnigh Paasikivi é féin trí oibrithe go héagsúil mar mhúinteoir, léachtóir, báille cúirte, agus dlíodóir i gcleachtas príobháideach i Lahti. Ba le linn a chuid staidéir ollscoile, timpeall 1894, a d'éirigh sé gafa i ngluaiseacht Fennoman ar dtús, ag glacadh róil cheannaireachta ina eagraíocht mac léinn.

A chéad phósadh agus an teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teaghlach J. K. Paasikivi i 1906. Ó chlé: Céad bhean Paasikivi Anna (née Forsman), a gclann Juhani, Annikki, Vellamo, Varma, agus Paasikivi féin.

Ar 1 Meitheamh 1897 phós Paasikivi Anna Matilda Forsman (1869–1931) a rugadh sa tSualainn. Le chéile, bhí ceathrar clainne acu, Annikki (1898–1950), Wellamo (1900–1966), Juhani (1901–1942), agus Varma (1903–1941). Tar éis dó a dhochtúireacht sa dlí a thuilleamh i 1901, ghlac Paasikivi le hOllúnacht Chomhlach sa Dlí Riaracháin in Ollscoil Heilsincí ó 1902 go 1903.[5]

Céad taithaí ar an bpolaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Paasikivi an post san Ollscoil Heilsincí le bheith ina Phríomh-Stiúrthóir ar an Státchiste d'Ard-Diúcacht na Fionlainne, post a choinnigh sé go dtí 1914. Ar feadh chóir a bheith a shaol fásta go léir, bhí Paasikivi bainteach leis an ciorcal órga laistigh de pholaitíocht na Fionlainne. Thacaigh sé le neamhspleáchas níos mó agus le Comh-Aireacht neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn sé le níos mó neamhspleáchais sa Seanad agus agus le Comh-Aireachta neamhspleách (Seanad) don Fhionlainn, agus chuir sé in aghaidh rún pan-slavacha na Rúise, a bhí ag iarraidh na Rúisise a fhorchur mar an t-aon teanga oifigiúil amháin in Impireacht na Rúise. Bhain sé, áfach, leis an bPáirtí Fionlainne a bhí ní ba ghéilliúla, ag cur i gcoinne céimeanna radacacha a d’fhéadfadh a bheith fritorthúil agus a d’fhéadfadh na Rúisigh a fheiceáil mar ionsaitheach. D’fhóin Paasikivi mar fheisire de chuid Pháirtí na Fionlainne ó 1907 go dtí 1909 agus ó 1910 go dtí 1913. D’fhóin sé mar bhall den Seanad ó 1908 go dtí 1909, mar cheannaire ar an rannóg airgeadais.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ministerikortisto . https://web.archive.org/web/20090417004613/http://www.valtioneuvosto.fi/hakemisto/ministerikortisto/ministeritiedot.asp?nro=278.
  2. Wilsford, David, ed. (1995). Political leaders of contemporary Western Europe: a biographical dictionary. Greenwood. pp. 347–352.
  3. "Suomi kylmässä sodassa: Paasikivi-seura Kekkosen tukena". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-02-08. Dáta rochtana: 2022-02-08.
  4. Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.
  5. Polvinen, Tuomo; Heikkilä, Hannu; Immonen, Hannu (1989). J. K. Paasikivi : valtiomiehen elämäntyö. Vol. 1: 1870–1918. WSOY.