Tamminiemi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Tamminiemi
Íomhá
Sonraí
CineálFoirgneamh, músaem, foirgneamh cónaithe, villa, músaem tí, main house (en) Aistrigh, foirgneamh rialtais agus músaem
Cuid deMeilahti Villa Area (en) Aistrigh agus National Museum of Finland (en) Aistrigh
AiltireSigurd Frosterus
Gustaf Strengell
Foirgníocht1904
1903
11 Meitheamh 1903 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1986 Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáidmúsaem, áras oifigiúil agus sheltered housing (en) Aistrigh
Tréith
Stíl ailtireachtaArt Nouveau
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinHeilsincí, An Fhionlainn
SuíomhSeurasaarentie 15
Map
 60°11′22″N 24°52′59″E / 60.18948°N 24.8831°E / 60.18948; 24.8831
Le cuidTamminiemi (en) Aistrigh
Building protected by a town plan (en) Aistrigh
Am14 Meitheamh 1985
Building protected by Decree 480/85 in Finland (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
ÚinéirNational Museum of Finland (en) Aistrigh agus Government of Finland (en) Aistrigh
SealbhóirRisto Ryti (1941–1944)
C. G. E. Mannerheim (1944–1946)
Urho Kekkonen (1956–1986)
Suíomh gréasáin oifigiúilkansallismuseo.fi…
Tamminiemi, Meilahti, Heilsincí

Teach mór i Meilahti, Heilsincí, is ea Tamminiemi, nó Villa Ekudden as Sualainnis. Ciallaíonn "Tamminiemi" nó "Ekudden" Ros na Darach. Ba iad na hailtirí Sigurd Frosterus agus Gustaf Strengell a dhear é i stíl jugend, agus tógadh sa bhliain 1904 é. Tá an teach suite in áit álainn cois farraige, agus é timpeallaithe ag gairdín mór. Ba le muintir Nissen, teaghlach trádála, an teach ar dtús, ach ina dhiaidh sin, chuaigh sé ó dhuine go duine, go dtí gur bhronn Amos Anderson, fear gnó agus mórurraí is maoinitheoir ealaíon, ar an stát é sa bhliain 1940. Is leis an Uachtarán Urho Kekkonen a shamhlaítear an teach inniu, agus músaem ag obair sa teach atá tiomnaithe do Kekkonen agus dá oidhreacht.

Ba iad Risto Ryti agus C. G. E. Mannerheim na hUachtaráin a bhain úsáid as Tamminiemi roimh Kekkonen. Maidir le Juho Kusti Paasikivi, a bhí ina Uachtarán deireanach roimh Kekkonen, b'fhearr leis Caisleán an Uachtaráin i lár na cathrach. Thug Kekkonen taithneamh don teach, áfach, agus chuir seisean faoi i dTamminiemi. Cuireadh bail ar an teach, agus tógadh sabhna adhmaid ar an gcladach in aice leis. Chaitheadh Kekkonen an chuid ba mhó dá am i dTamminiemi nuair nach raibh dualgaisí air taobh amuigh den chathair, agus ba mhinic a thagair na nuachtáin do Kekkonen mar "Tamminiemi". Ba mhinic a d'fháiltigh sé ealaíontóirí agus fiú radacaigh óga go Tamminiemi sna seascaidí, nuair a theastaigh uaidh iad a cheangal den chóras polaitiúil, agus thagadh a chuid seanchairde ar cuairt le folcadh sabhna a fháil i dteach an Uachtaráin. Bhí an tUachtarán agus a bhean chéile ina léitheoirí móra, agus bhailigh siad leabharlann as an ngnáth.

Sa bhliain 1980, d'fhoilsigh an tUachtarán Kekkonen leabhar beag faoin teideal "Tamminiemi", inar leag sé síos a chuid príomhphrionsabal mar pholaiteoir. Dearctar ar an leabhrán mar "thiomna polaitiúil". Nuair a theip a shláinte ar an Uachtarán, i gcruth is gur éirigh sé as, ceadaíodh dó fanacht i dTamminiemi go deireadh a shaoil, agus b'ansin a fuair sé bás sa bhliain 1986. I ndiaidh a bháis, hiompaíodh an teach ina mhúsaem, agus bhronn muintir Kekkonen cuid mhaith den troscán ar an músaem leis an atmaisféar ceart a chinntiú.

Sa bhliain 1993, tógadh áras nua Uachtaráin i Meilahti, agus níl sé suite i bhfad ó Tamminiemi. In aithris ar Tamminiemi, tugadh Mäntyniemi, nó Talludden as Sualainnis, ar an áit nua - "Ros na Giúise" is brí leis.