An Tamailis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Tamailis)
Infotaula de llenguaAn Tamailis
தமிழ்

Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais75,000,000 (2019)
Á labhairtTamil Nadu, Singeapór agus Srí Lanca
Dúchasach doSri Potti Sri Ramulu Nellore district (en) Aistrigh, Andhra Pradesh, Karnataka, Kerala, Puducherry (en) Aistrigh, Tamil Nadu, Kandy District (en) Aistrigh, Matale District (en) Aistrigh, Nuwara Eliya District (en) Aistrigh, Galle District (en) Aistrigh, Jaffna District (en) Aistrigh, Mannar District (en) Aistrigh, Vavuniya District (en) Aistrigh, Mullaitivu District (en) Aistrigh, Batticaloa District (en) Aistrigh, Anuradhapura District (en) Aistrigh, Polonnaruwa District (en) Aistrigh agus Ratnapura district (en) Aistrigh
Stáitan India, Singeapór, Srí Lanca, an Mhalaeisia, Oileán Mhuirís, an Afraic Theas agus an Chéinia
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
Dravidian (en) Aistrigh
South Dravidian (en) Aistrigh
Tamil–Kannada (en) Aistrigh
Tamil-Malayalam (en) Aistrigh
Tamil languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaTamil script (en) Aistrigh, Vatteluttu (en) Aistrigh, Kolezhuthu (en) Aistrigh agus script Araibise
Staidéar agTamilology (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1ta
ISO 639-2tam
ISO 639-3tam
Glottologtami1289
Linguasphere49-EBE-a
Ethnologuetam
ASCL5103
IETFta

Is í an Tamailis (தமிழ்) an ceann is tábhachtaí de na teangacha Dráivideacha, is é sin, teangacha bundúchasacha Dheisceart na hIndia. Teanga oifigiúil í i stát Tamil Nadu san India, i Srí Lanca (in éineacht leis an tSiolóinis), agus i Singeapór (in éineacht leis an mBéarla, an tSínis, agus an Mhalaeis).[1]

Ceann de theangacha clasaiceacha na hIndia í an Tamailis. Is é Tolkappiyam, gramadach na Sean-Tamailise, an téacs is sine sa teanga, ach is deacair a rá, cén t-am a scríobhadh é. Cuid de na saineolaithe, tá siad ag áitiú gur breacadh an téacs síos i bhfad roimh bhreith Chríost, agus an chuid eile barúlach go mbaineann sé leis an ochtú haois AD. Dealraíonn sé nach bhfuil sé níos nua ná sin, áfach.

Focal Tamailise sa Ghaeilge é curaí, is é sin an spíosra ar a dtugtar curry as Béarla, an teanga ónar tháinig an leagan Gaeilge.

Cosúil leis na teangacha Dráivideacha eile, is teanga tháite (teanga shintéiseach) í an Tamailis, is é sin, cuirtear a lán iarmhíreanna leis na focail le hiad a dhíochlaonadh nó a réimniú. Tá a haibítir féin aici, cosúil leis na mórtheangacha Dráivideacha eile. Baineann na Tamalaigh úsáid as an aibítir seo nuair a scríobhann siad Sanscrait freisin, agus má scríobhtar teangacha na mionlach eitneach i Stát Tamil Nadu ar aon nós, is í an aibítir seo a úsáidtear.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Statutes.agc.gov.sg - Teanga oifigiúil". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-24. Dáta rochtana: 2010-07-11.