Taisce Chagála Beag
Cineál | déantán seandálaíochta | |||
---|---|---|---|---|
Áit ar tháinig air/uirthi | Cagála Beag | |||
Suíomh | Ard-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht | |||
Trí phíosa seodra óir ón Chré-umhaois Luath (2300–2000 RC) in Éirinn is ea taisce Chagála Beag.[1] Anois tá sé in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht i mBaile Átha Cliath, áit a mbíonn sé ar taispeáint de ghnáth.
Fuarthas na píosaí i bportach i gCagála Beag, Ros Comáin sa bhliain 1945.[2] Is éard atá ann ná luanla óir (“corrán gealaí”) agus dhá dhiosca bheaga óir, de chineál aitheanta ó shamplaí eile, a bhfuil móitíf chroise laistigh de dhá chiorcal mar mhaisiúchán orthu. Tá na píosaí cothrom agus tanaí, agus tá meáchan níos lú ná 78 gram sna trí cinn le chéile, rud a thugann le fios go mb'fhéidir gur cuid de mhuince iad.[3]
Sa bhliain 2017, bhí na trí phíosa le feiceáil ar stampa poist Éireannach, ceann de shraith darb ainm A History of Ireland in 100 Objects.[4]
Fionnachtain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig fear darb ainm Hubert Lannon ar an taisce sa bhliain 1945 agus é ag gróigeadh móna ar a phortach i gContae Ros Comáin. Ó 1947 ar aghaidh, coinníodh na píosaí i dtaisceadán i siopa poitigéara Uí Shíocháin i mBéal na mBuillí, agus ba bhaill de mhuintir Uí Shíocháin amháin a chonaic iad i dtaca an ama sin.[5] Sa bhliain 2009, bhris gadaithe isteach sa siopa agus goideadh an taisceadán. Fuair na Gardaí na píosaí, fillte i bpáipéar, i scipe bruscair i mí Aibreáin 2009. Chreid na gardaí go raibh suim ag na gadaithe in airgead tirim agus i ndrugaí den chuid is mó, agus nár thuigeadar go raibh na píosaí sa gcreach a caitheadh amach, is dócha mar gheall ar cé chomh héadrom a bhí siad.[4]
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa lá atá inniu ann, tá an taisce ar taispeáint bhuan in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht. Is de chineál “clasaiceach” an luanla, an cineál is luaithe agus is fearr de thrí chineál luanla atá ann.[6] As an 100 luanla ar marthain in Iarthar na hEorpa, is as Éireann 80 acu.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "100 Objects". Dáta rochtana: 2022-06-09.
- ↑ O'Toole, Fintan. "A history of Ireland in 100 objects". Irish Times, April 2, 2011
- ↑ "Stolen treasure: The Coggalbeg Hoard". Irish Archaeology (with image)
- ↑ 4.0 4.1 O'Toole, Fintan. A History of Ireland in 100 Objects. Royal Irish Academy, Dublin, 2013. ISBN 978-1-9089-9615-2
- ↑ "Safe Secrets The Story of the Coggalbeg Hoard Curtha i gcartlann 2019-12-10 ar an Wayback Machine". Ard-Mhúsaem na hÉireann
- ↑ "Stolen treasure: The Coggalbeg Hoard". Irish Archaeology; The Roscommon Lunula – Gold Lunula and discs found in Roscommon, Ireland - the breaking story
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ó Floinn, Raghnal; Wallace, Patrick. Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities. Baile Átha Cliath: Ard-Mhúsaem na hÉireann, 2002. ISBN 978-0-7171-2829-7ISBN 978-0-7171-2829-7