Stampaí poist na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Léarscáil na hÉireann ar stampa 2 phingin. Is é seo an chéad stampa poist Éireannach.

Eisíonn údarás (nó oibreoir) poist stát neamhspleách na hÉireann stampaí poist na hÉireann. Ba chuid de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann í Éire nuair a eisíodh céad stampaí postais an domhain sa tír sin sa bhliain 1840. Úsáideadh na stampaí seo, agus na heisiúintí Briotanacha ar fad a tháinig ina ndiaidh, in Éirinn gur ghabh Rialtas nua na hÉireann cumhacht i 1922. Ón 17 Feabhra 1922, forchlódh na stampaí Briotanacha a bhí fós ann le téacs Gaeilge chun leaganacha deifnídeacha a sholáthar go dtí go mbeadh eisiúintí Éireannacha ar leith le fáil.[1] I ndiaidh na bhforchlónna a chur amach, rinne an Roinn nua Poist agus Telegrafa sraith rialta de stampaí deifnídeacha ag úsáid dearaí Éireannacha. Eisíodh na stampaí deifnídeacha seo an 6 Nollaig 1922; bhí an chéad stampa ina stampa 2d ar a raibh léarscáil d’Éirinn (lenar áiríodh Tuaisceart Éireann, a bhí fós ina chuid den Ríocht Aontaithe). Ó shin, tá naoi sraith de stampaí deifnídeacha curtha amach le híomhánna nua, agus le luachanna nua de réir mar a bhí gá leo.

Ba iad seo na príomhstampaí a úsáideadh gach lá. Eisíodh na chéad stampaí comórtha i 1929 agus eisítear a leithéid seo de stampaí anois cúpla uair in aghaidh na bliana. Déanann na stampaí seo cuid mhaith gnéithe de shaol na hÉireann a cheiliúradh, mar shampla imeachtaí agus ócáidí comórtha suntasacha, saol agus cultúr na hÉireann agus cuid mhór daoine Éireannacha. Rinneadh roinnt stampaí deifnídeacha agus comórtha a chur amach i bhfoirm bileog beag, i leabhráin agus i gcumraíochtaí corna chomh maith le gnáthleagan amach bileoige. Má chuirtear stampaí dleacht postais (postas le híoc) agus stampaí aerphoist leis seo, tá iomlán eisiúintí stampaí de chuid an dá údarás sheicheamhacha Éireannacha poist againn. Baineadh úsáid as dhá chineál dobharmhairc cé gur tháinig na heisiúintí forchlóite le dobharmharcanna na stampaí Briotanacha a sholáthair Oifig Poist na Breataine le haghaidh na bhforchlónna.

Ba í Oifig an Phoist (nó The Irish Post Office mar a thugtar uirthi i mBéarla), rannóg na Roinne Poist agus Telegrafa, a d’eisigh na stampaí Éireannacha ar fad go dtí an bhliain 1984.[2] Nuair a roinneadh an Roinn Poist agus Telegrafa ina dhá eagraíocht leathstáit sa bhliain 1984, ghlac An Post le freagrachtaí maidir leis na seirbhísí Éireannacha postais uile, lenar áiríodh eisiúint stampaí postais.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáid stampaí Briotanacha in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le stampaí poist Briotanacha a úsáideadh in Éirinn idir 1840 agus 1922 a aithint, is gá déanamh amach an postmharc as baile in Éirinn a chealaigh an stampa. Great Britain used in Ireland a chuirtear ar stampaí a úsáideadh le linn na tréimhse seo.

Ón bhliain 1840 go 1844, cuireadh an Penny Black agus stampaí eile as feidhm le cealú na Croise Máltaí. Ní raibh téacs ná uimhir ar bith ar na cealuithe seo a shonrófaí iad mar chealuithe Éireannacha ach is féidir roinnt Cros Máltach a cheangailt le bailte Éireannacha ar leith. Is samplaí de na bailte seo iad Béal Feirste, Dún an Uchta, Corcaigh, Maolla, Luimneach agus an Muileann gCearr. Ón bhliain 1844 ar aghaidh, d’úsáid na cealuithe téacs nó uimhreacha a thug le fios an baile poist lenar bhain siad. Tá sé níos fusa cealuithe den dá chineál a aithint má tá an stampa fós ar an gclúdach mar sa chás seo bíonn an postmharc le feiceáil ina iomlán. Mura bhfuil an stampa greamaithe leis an gclúdach go fóill, áfach, tá seans ann gur féidir an baile lena mbaineann sé a aithint fós má tá dóthain den phostmharc le feiceáil ar an stampa féin.

Cuireann stampa láimhe uimhir 70 ar an stampa poist dearg 1 phingin seo in iúl gurb i Mainistir na Búille a cuireadh an clúdach sa phost.

Údaráis um eisiúint stampaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Idir na blianta 1922 agus 1983, d’eisigh Oifig an Phoist, rannóg de chuid na Roinne Poist agus Telegrafa (P&T), na stampaí poist ar fad do 26 contae na Poblachta. Le linn na tréimhse seo d’fhostaigh Oifig an Phoist cuid de na cuideachtaí seo a leanas chun na stampaí a fhorchló nó a chur i gcló: Dollard, Thom, Clódóirí Rialtas na hÉireann; Waterlow and Sons (Londain); De La Rue and Co., Bradbury Wilkinson and Co., Ltd. (Londain); Harrison and Sons Ltd. (Londain) agus Irish Security Stamp Printing Ltd.

Ón bhliain 1984 i leith, eisíonn An Post na stampaí poist Éireannacha ar fad. Chuir Irish Security Stamp Printing Ltd. an chuid is mó acu siúd i gcló, cé gur chuir Harrison and Sons Ltd. (Londain); Questa; Walsall Security Printing; Prinset Pty Ltd. (An Astráil) agus SNP Cambec (Sprintpak) (An Astráil) líon beag díobh i gcló.[3]

Réamhtheachtaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc daoine a bhailíonn stampaí, úsáidtear an focal réamhtheachtaí (forerunner) de ghnáth le cur síos a dhéanamh ar stampa poist a úsáidtear le linn na tréimhse sula n-eisíonn réigiún nó limistéar a stampaí féin. I leabhair thagartha Éireannacha cosúil le Handbook of Irish Philately, áfach, déanann an téarma réamhtheachtaithe tagairt do lipéid pholaitiúla agus bholscaireachta de ghnáth. Is minic a bhíonn an-chosúlacht idir na lipéid seo agus stampaí ach níor úsáideadh cuid mhór acu ar phost in Éirinn agus ní raibh aon stádas dleathach acu maidir le post in Éirinn.

D’eisigh seansaighdiúirí Éireannacha de chuid Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe i Nua-Eabhrac stampaí de cheithre luach—1c, 3c, 24c (glas domhain) agus 24c (liathchorcra-corcra)—agus tugtar eisiúint Fhíníneach na mblianta 1865-67 orthu. Réamhtheachtaithe eile ná na stampaí trialacha neamhoifigiúla de dhearadh coilíneach ón mbliain 1893; déantar iad a rangú mar stampaí bréagacha.

Lipéad bolscaireachta Shinn Féin, Cros Cheilteach, 1907

Idir 1907 agus 1916, d’eisigh Sinn Féin, ceann d’eagraíochtaí náisiúnacha na tréimhse sin, lipéid bholscaireachta a bhí ina siombailí ar náisiúntacht na hÉireann. Níor cheadaigh rialacha Oifig an Phoist úsáid na stampaí seo.[4] Ba Chros Cheilteach é an chéad dearadh, a bhí cosúil le ceann ar glacadh leis ní ba dhéanaí le haghaidh dhá stampa dheifnídeacha na bliana 1923, agus sa dara dearadh tá bean agus cláirseach i bhfráma ubhach le feiceáil. Sa bhliain 1912, tháinig lipéid ar a raibh “Imperial Union” scríofa orthu in éineacht le dearadh ar a raibh cláirseach agus bean ní ba mhó. Creidtear go ndearnadh na lipéid seo, a bhfuil tuairimí aontachtacha á gcur in iúl iontu, a chur i gcló i Manchain Shasana mar fhreagra ar lipéid Shinn Féin. I ndiaidh don pharlaimint an Bille Rialtas Dúchais d’Éirinn a rith, d’eisigh comhlacht poblachtach lipéid i 1916 ar a raibh portráidí triúr laochra náisiúnacha ar ar tugadh ''Mairtírigh Mhanchan'' le feiceáil ar chúlra bhratach trí dhath na hÉireann. Tá leaganacha bréagacha de na lipéid seo forleathan. I ndiaidh Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, chuir taobhaitheoirí Meiriceánacha ocht lipéad ERIE PUIST i gcló a léirigh portráidí de sheacht bpríomhcheannaire chomh maith le lipéad ar a raibh cláirseach agus seamróg. Is féidir gurbh é a bhí i mílitriú an fhocail ÉIRE mar ERIE ná go ndearnadh an lipéad a chur le chéile go deifreach.

Bhí cuid mhaith de dheisceart na tíre faoi smacht Arm Phoblacht na hÉireann le linn Chogadh Cathartha na hÉireann agus d’eisigh an tArm sin lipéad 1d, 2d agus lipéad 6d i rith an ama seo toisc ganntanas stampaí a bheith ann. Rinneadh iad seo a chur i gcló i gCorcaigh agus bhí siad in ainm agus a bheith ar díol i mí Lúnasa 1922. Idir an dá linn, áfach, tháinig arm Shaorstát Éireann i dtír gar do Chorcaigh agus chuir an IRA a bheairicí féin trí thine sular theith siad ó Chorcaigh agus mar sin scriosadh an chuid is mó de na lipéid.

Aistí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Trí aiste dhádhathacha de chuid Hely Ltd.

An 1 Feabhra 1922, d’iarr an tArd-Mháistir Poist de chuid Shaorstát na hÉireann ar ghnólachtaí i mBaile Átha Cliath agus i Londain dearaí a mholadh le haghaidh eisiúint bhuan, dheifnídeach stampaí agus faoi mhí an Mhárta bhí roinnt dearaí faighte. Sholáthair na cuideachtaí agus na clódóirí seo a leanas aistí: Dollard Printing House Ltd., Hely Ltd., Perkins Bacon & Co., agus O'Loughlin, Murphy & Boland.

Stampaí Poist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forchlónna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forchló trí líne de chuid Shaorstát Éireann (ar ar tugadh "Saorstát Éireann 1922") ar stampa 2/6 an Rí Seoirse V

Sa bhliain 1922, mar bheart idirlinne sula raibh na chéad stampaí deifnídeacha a dearadh go speisialta d’Éirinn réidh, forchlódh sraith stampaí comhaimseartha den Rí Seoirse V. Eisíodh agus úsáideadh na stampaí seo nach raibh forchlóite i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann idir 1912 agus 1922 agus leanadh d’úsáid na stampaí seo sa Ríocht Aontaithe agus i dTuaisceart Éireann go dtí 1936. Bhí conradh forchlóite ag trí chuideachta chlódóireachta: Dollard Printing House Ltd., Alex. Thom & Co Ltd., agus Harrison & Sons. I mí an Mheithimh 1925, fuair Clódóirí an Rialtais, Caisleán Bhaile Átha Cliath, an conradh agus ba iadsan a rinne an forchló ar fad go dtí an bhliain 1937,[5] nuair a eisíodh na stampaí deireanacha arbh fhiú luach ard iad.

Is féidir le bailiú agus aithint na bhforchlónna seo go léir a bheith trom mar thasc toisc éagsúlacht mhór a bheith i socruithe an fhorchló. Deir David Feldman “the complex details of plating, shading, overprint colours, accurate measurements, to mention a few, often discourage even the most enthusiastic collector”.[6] Laistigh de chúig bliana d’eisiúint an chéad stampa fhorchlóite seo, dhírigh trí shainleabhar nó chaibidil catalóige (mar atá Freeman & Stubbs, Munk agus Meredith) ar an ábhar seo agus meastar nach bhfuil saothar chomh maith agus atá saothar Meredith le fáil ar an ábhar.

Rinneadh dhá fhorchló ar leith a léirigh athrú ainm Stát na hÉireann i mí na Nollag 1922. Eisíodh forchlónna Rialtas Sealadach na hÉireann ar dtús an 17 Feabhra 1922 agus ba iad Dollard agus Thom a rinne iad a fhorchló. Rinne Dollard ocht gcinn a raibh luach íseal orthu agus trí cinn a raibh luach ard orthu agus rinne Thom ceithre cinn den chineál seo. Ní raibh i gceist ar an fhorchló seo ach na ceithre fhocal "Rialtas Sealadach na hÉireann" agus an dáta uimhriúil "1922" agus é seo uile leagtha amach ar chúig líne de théacs trasmhíre. Bhí na stampaí forchlóite seo bailí le haghaidh postais in Éirinn go dtí an 31 Márta 1922.

Tháinig forchlónna Shaorstát Éireann amach an 11 Nollaig 1922. B'fhorchló trí líne é seo a bhain úsáid as cló-aghaidh sans-serif ("gan trasmhír") agus ba iad Thom, Harrison agus Clódóirí an Rialtais a rinne na stampaí seo. Bhí stampaí Waterlow & Sons ar na stampaí forchlóite deireanacha. Ba stampaí athghreanta an Rí Seoirse V 2/6, 5/- agus 10/- iad seo. Tháinig siad amach ar dtús sa bhliain 1934 agus rinneadh iad a fhorchló i 1937 le go n-úsáidfí in Éirinn iad.

Stampaí deifnídeacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón bhliain 1922, tá ocht sraith stampaí deifnídeacha Éireannacha eisithe. Ní áirítear ach athrú dobharmharc i bpéire de na hathruithe seo (sular éirigh as páipéar le dobharmharcanna a úsáid i ndeireadh baire) ach maidir le sé shraith eile, athraíodh a ndearadh ó bhonn. Ba riachtanach na hathruithe seo i gcásanna áirithe toisc gur athraíodh airgeadra: ó steirling go córas deachúil sa bhliain 1971 agus ó chóras deachúil go dtí an Euro sa bhliain 2002.

Eisíodh na chéad dhá stampa dhéag, a raibh luachanna ísle orthu suas go dtí an stampa scillinge, le linn na mblianta 1922–1923, agus níor eisíodh na trí cinn a raibh luach ard orthu (2/6, 5/- agus 10/-) go dtí 8 Meán Fómhair 1937. I measc dhearaí na stampaí áirítear: An Claíomh Solais, Léarscáil na hÉireann, Cros Cheilteach, Armais na gCeithre Chúige agus Naomh Pádraig. Rinneadh dobharmharcanna agus luachanna breise de na dearaí seo gur cuireadh dearaí nua amach sa bhliain 1968, ar ar tugadh stampaí deifnídeacha Gerl, agus a bhain úsáid as móitífeanna ealaíne luath-Éireannacha. Bhí na stampaí seo ar na chéad dearaí nua le 31 bliain a raibh luach ard orthu agus le 46 bliain maidir leo siúd a raibh luach íseal orthu. Ainmníodh na trí shraith Gerl i steirling agus sa chóras deachúil (agus eisiúintí dobharmharcáilte acu araon) agus ar deireadh mar shraith neamh-dhobharmharcáilte.

Céad sraith stampaí deifnídeacha na hÉireann

Idir na blianta 1982 agus 1988, eisíodh sraith bunaithe ar ailtireacht na hÉireann i gcaitheamh na n-aoiseanna. Ba é Michael Craig a rinne líníochtaí na sraithe agus rinne Peter Wildbur an ghrafaíocht. Bhí 28 stampa sa tsraith le réimse luachanna ó 1p go £5. Ina dhiaidh sin, idir 1990 agus 1995, tháinig stampaí amach a bhí bunaithe ar oidhreacht chultúrtha na hÉireann. Bhí éin na hÉireann le feiceáil ar stampaí shraith na bliana 1997, sraith a mhair trí athrú airgeadra ó phunt na hÉireann go dhá airgeadra go tabhairt isteach an Euro. Bhí na stampaí deifnídeacha seo ar na chéad chinn a raibh gach luach a bhain leo i gcló lándaite. An 9 Meán Fómhair 2004, cuireadh stampaí nua ar fáil ar a raibh bláthanna dúchasacha de chuid choillearnacha agus fhálta sceiche na hÉireann.

Eisíodh roinnt stampaí deifnídeacha Éireannacha mar leabhráin agus i bhfoirm chorna chomh maith leis an ghnáthleagan amach bileoige.

Stampaí comórtha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh stampaí poist Éireannacha le comóradh a dhéanamh ar réimse mór ábhar Éireannach, cosúil le himeachtaí agus ócáidí comórtha suntasacha, gnéithe de shaol agus de chultúr na hÉireann, daoine cáiliúla Éireannacha (státairí, daoine mór le rá sa reiligiún, sa litríocht nó i gcúrsaí cultúrtha, lúthchleasaithe, srl.), fána agus flóra, saothair ealaíne, agus an Nollaig. Eisíodh stampaí poist Europa le ballraíocht i gcomhphobal na hEorpa a cheiliúradh agus comóradh imeachtaí idirnáisiúnta chomh maith.

Tháinig an chéad sraith chomórtha, ina raibh trí stampa de Dhónall Ó Conaill, amach an 22 Meitheamh 1929. Go dtí lár na 1990idí, bhí sé de nós gan daoine beo a tharraingt ar stampaí, ach rinneadh eisceacht den riail seo i dtrí chás: i 1943, i 1977 agus i 1979 do Dhubhghlas de hÍde, do Louis le Brocquy agus don Phápa Eoin Pól II faoi seach. Cuireadh an polasaí seo ar leataobh agus ón bhliain 1995 tá roinnt mhaith stampaí den chineál seo eisithe. Lúthchleasaithe a bhí ar an chuid ba mhó de na stampaí seo; mar shampla eisíodh 30 stampa don Mhílaois ar a raibh laochra spóirt Éireannacha a bhí fós beo agus tá roinnt galfairí le feiceáil ar thrí stampa Chorn Ryder 2006.

Bileoga beaga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eisíodh roinnt stampaí i bfoirm bileoige bige ina raibh idir aon stampa amháin agus sé stampa dhéag de dhearadh amháin nó de dhearaí éagsúla ó eisiúint amháin agus iad clóite ar aon bhileog amháin agus díolta mar sin. Cuirtear na bileoga beaga amach den chuid is mó le cois na ndearaí céanna mar stampaí aonaracha.

I 1972, eisíodh an chéad bhileog bheag de cheithre stampa poist "stampa ar stampa" (stampaí ar a bhfuil íomhá de stampa eile) le comóradh caoga bliain an chéad stampa poist Éireannach a cheiliúradh. Ina dhiaidh seo, tháinig bileog ceithre stampa amach le comóradh dhá chéad bliain Fhorógra Saoirse Mheiriceá a cheiliúradh; bhí stampaí na bileoige seo ar fáil mar stampaí aonaracha fosta. Sa bhliain 1980, eisíodh sraith de cheithre stampa a léirigh fiadhúlra na hÉireann. Eisíodh an tsraith seo i bhfoirm bileoige agus mar stampaí aonaracha chomh maith.

Ón bhliain 1983 go dtí an lá atá inniu ann tá bileoga beaga á n-eisiúint níos minice. Níor ghnách ach sraith amháin in aghaidh na bliana a eisiúint ar dtús ach le déanaí tá roinnt mhaith á cur amach gach bliain.

Stampaí aerphoist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampa aerphoist 1 scillinge – Vox Hiberniæ ag eitilt os cionn Ghleann Dá Loch

Eisíodh seacht stampa Éireannacha aerphoist idir na blianta 1948 agus 1965 arbh fhiú 1d, 3d, 6d, 8d, 1/-, 1/3, agus 1/5 iad. Ní raibh ráta ar leith ann do na stampaí 1d ná 3d, cé go raibh cead iad a úsáid ar litreacha nárbh aerphost iad; bhí ráta comhaimseartha le híoc ag na cinn eile ar fad nuair a eisíodh ar dtús iad. Maidir le stampaí aerphoist, níor eisíodh ach na cinn seo, ach tá cuid mhór stampaí deifnídeacha agus comórtha curtha amach le luachanna éagsúla a d'íoc as ráta postais na seirbhíse aerphoist.

Dhear R. J. King na stampaí agus chuir Waterlow and Sons, Londain iad i gcló go dtí 1961. Ina dhiaidh sin ba é De La Rue & Co., Baile Átha Cliath a chuir i gcló iad. Ar na stampaí seo feictear Eitilt an Aingil Victor – Teachtaire Naomh Pádraig – agus é ag iompar Ghlór na nGael ‘Vox Hiberniæ’ os cionn an domhain thar cheithre chríoch-chomartha stairiúla Éireannacha mór le rá, ceann as gach cúige de cheithre Chúige na hÉireann: Loch Dearg (luachanna 3d agus 8d), Carraig Phádraig (luachanna 1d, 1/3 agus 1/5), Gleann Dá Loch (luach 1/-) agus Cruach Phádraig (luach 6d). Cuireadh iad seo i gcló i mbileoga de 60 stampa le dobharmharc ‘e’.

Dobharmharcanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thimpeall na bliana 1940, úsáideadh an cineál páipéir dhobhmharcáilte ‘e’ le haghaidh stampaí Éireannacha

Sholáthair clódóirí i Londain na stampaí forchlóite Éireannacha agus tháinig siad le dobharmharc Shifear Ríoga Sheoirse V orthu. Ba dhearadh stílithe é an chéad dobharmharc Éireannach ar a raibh an dá litir ‘s’ agus ‘e’ ag forluí ar a chéile sa dóigh agus go raibh dobharmharc ‘se’ a sheas d’ainm na tíre, "Saorstát Éireann". Cuireadh deireadh le húsáid an dobharmhairc seo timpeall na bliana 1940 nuair a d’athraigh ainm na tíre go "Éire". Cuireadh páipéar dobharmharcáilte le ‘e’ ina áit le "Éire" a léiriú. Maidir le stampaí ón tréimhse sin, ag brath ar an dóigh a ndearnadh an páipéar a chur isteach sna hinnill chlódóireachta, is féidir inbheartú agus rothlú de chineálacha éagsúla a bheith ag an dobharmharc.

Timpeall na bliana 1971, chuir an t-údarás Éireannach um eisiúint stampaí deireadh le húsáid dobharmharcanna agus ní úsáidtear páipéar dobharmharcáilte ar na stampaí a eisíonn An Post sa lá atá inniu ann.

Páipéarachas poist[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh páipéarachas poist de na cineálacha seo a leanas amach le dearaí difriúla de stampa múnlaithe a cuireadh orthu le léiriú gur íocadh an postas roimh ré: clúdaigh chláraithe, cártaí poist, clúdaigh, cártaí litreacha, clúdaigh de pháipéir nuachtáin, aerlitreacha agus foirmeacha teileagraif. Bunaíodh gach stampa múnlaithe post-íoctha (nó post-paid mar a chuirtear air sa Bhéarla) – ach amháin iad siúd a bhain le luathúsáid teoranta páipéarachas poist Briotanach a eisíodh roimhe agus nach ndearnadh a fhorchló mar a rinneadh leis na stampaí poist – ar leaganacha éagsúla de dhearadh ar a raibh ainm na tíre, Éire, chomh maith leis na luachanna cuí scríofa ar tháibléid i dtéacs agus in uimhreacha cruinnithe timpeall ar mhóitíf de chláirseach Éireannach. Ba dhearadh de sheamróg é an chéad dearadh eile a tháinig amach ina dhiaidh sin agus ní ba dhéanaí arís bunaíodh an dearadh seo go scaoilte ar an lógó de línte camarsacha leis an fhocal POST atá in úsáid ag An Post ón bhliain 1984. Tá roinnt dearaí bunaithe ar stampaí poist úsáidte ag An Post fosta mar stampaí múnlaithe postas-íoctha ar pháipéarachas postais Éireannach.

Stampaí cabhartha a bhí i gcuid acu ar dtús ach go ginearálta rinneadh na stampaí múnlaithe postas-íoctha le clóghrafaíocht. Ba é an Brainse Stámpála Iomcaim (The Revenue Stamping Branch), Caisleán Bhaile Átha Cliath, a chuir an marc postais múnlaithe indicia i bhfeidhm go dtí an bhliain 1984, nuair a thosaigh An Post ag baint úsáide as an mhodh clódóireachta clóghrafaíochta.

Páipéarachas poist oifigiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach páipéarachas poist le stampán postas-íoctha 6d ag íoc as ráta intíre ábhair chlóite sa bhliain 1970 ó Bhaile Átha Cliath go hEochaill, Co. Chorcaí.

Nuair a bhain Éire neamhspleáchas amach, cuireadh clúdach cláraithe 5 pingine an Rí Seoirse V agus foirm theileagraif aon scilling i gcló ar dhath glas le go n-úsáidfí in Éirinn iad go mbeadh táirgí Éireannacha le fáil. Níor cuireadh ar fáil ach foirmeacha teileagraif Éireannacha a raibh luach 1/- agus 1/6 orthu. Tá cuid mhór clúdach cláraithe eisithe, idir bheag agus mhór agus a bhfuil luachanna éagsúla orthu. Ba chuideachtaí príobháideacha a rinne na clúdaigh chláraithe a bhí clóite (ach nach raibh stampáilte) agus choinnigh Oifig an Phoist iad go dtí go raibh gá leo. Mar sin de, ba mhinic a cuireadh stampa múnlaithe don ráta postais reatha ar sheanchlúdaigh a raibh táillí as dáta orthu sa téacs. Sa dóigh seo, cruthaíodh cuid mhór fochineálacha do bhailitheoirí. Tá inphrionta postas-íoctha ar tháirgí eile fosta, mar shampla ar eisiúintí speisialta de chártaí poist agus ar chártaí poist comórtha, lena n-áirítear sraith chártaí do Lá Fhéile Pádraig atá á heisiúint gach bliain ón bhliain 1984.

Go dtí 1987, táirgeadh aerlitreacha (ar a dtugtar aérogrammes chomh maith) gan aon táille a chur orthu. Bhí siad le fáil saor in aisce ó oifigí poist nuair a íocadh an ráta cuí a bhí i bhfeidhm do cibé stampa postais a ceannaíodh chun an aerlitir a sheoladh. Díoladh formhór na n-aerlitreacha le indicia réamhíoctha ar biseach beag thar an ráta postais aérogramme a bhíodh i bhfeidhm ag an am.

Stampáilte ar ordú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh cead do chuideachtaí, do chompántais agus do dhaoine aonair clúdaigh, cártaí, bileoga litreacha, srl. a dhear agus a chlóigh siad féin, a chuir isteach chuig Oifig an Phoist le go ndéanfaí iad a mhúnlú le indicia oifigiúla postas-íoctha. Tugadh an phribhléid stampála air seo. Bhí an-tóir ar chlúdaigh litreach fuinneoige do phost ráta ábhair chlóite. Ba é Bord Soláthair an Leictreachais a bhain an úsáid ba mhó as an tseirbhís seo. D’úsáid sé léamh méadar agus cártaí coinne ar feadh breis agus daichead bliain. I measc na ndreamanna a d’úsáid páipéarachas stampáilte ar ordú áirítear Coláiste na Carraige Duibhe, Córas Iompair Éireann, Esso, Great Northern Railway agus John Player & Sons, Baile Átha Cliath. Ní fios go bhfuil aon chlúdach cláraithe stampáilte ar ordú ann. Is cosúil gur chuir An Post an phribhléid stampála ar ceal gan fógra poiblí a thabhairt mar is annamh atá páipéarachas postais stampáilte ar ordú feicthe ó ghlac An Post cúram Oifig an Phoist sa bhliain 1984. Ní raibh ach cúig úsáideoir cláraithe ag Jung. Tá a fhios gur tháirg sé úsáideoir líon beag de pháipéarachas den chineál seo a raibh tionchar ag stampshanais orthu idir na blianta 1963 agus 2000.

Ag bailiú stampaí Éireannacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stampaí postais Éireannacha nua-eisithe le fáil ó Bhiúró Stampshanais An Post in Ard-Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath. De ghnáth, bíonn eisiúintí de stampaí comórtha agus speisialta le fáil ar feadh bliana ag tosú ón dáta a n-eisítear iad. Go dtí lár na 1960idí, bhí polasaí iontach coimeádach ann maidir le heisiúint stampaí in Éirinn agus níor eisíodh ach roinnt bheag stampaí nua gach bliain, uaireanta gan stampa ar bith, mar shampla, sa bhliain 1951; suas le ceithre nó cúig stampa comórtha, a mbíodh dhá luach éagsúla acu de ghnáth, chomh maith le corrstampaí deifnídeacha nua nó nuashonraithe ba ghnách sna 1960idí. Le linn na 1970idí agus ina dhiaidh sin, tháinig méadú as cuimse ar an líon seo.

Déanann roinnt bailitheoirí iarracht bailiúchán bunúsach a thiomsú de na stampaí is coitianta ón bhliain 1922 agus ina diaidh, ach is féidir leis sin a bheith deacair anois toisc líon na stampaí atá eisithe. Díríonn cuid mhaith bailitheoirí ar aon chineál stampa — stampaí deifnídeacha nó stampaí comórtha, mar shampla — nó fiú ar aon eisiúint amháin, cosúil leis na stampaí deifnídeacha Gerl. Tá tóir ar na clúdaigh Céad Lá (First Day Covers nó FDC), agus go háirithe ar na stampaí comórtha den chineál seo a bhfuil sraitheanna iomlána áirithe leo, ach tá sé deacair teacht ar na heisiúintí níos sine toisc nár cuireadh fiú aon mhilliún de na stampaí seo a raibh luach ard orthu i gcló do roinnt eisiúintí le linn na luathbhlianta (1929–1940idí). Is líon i bhfad Éireann níos ísle é seo ná líon na stampaí a raibh luach íseal orthu — cuireadh breis agus 20 milliún díobh seo i gcló le linn na tréimhse céanna.

Bhí éileamh iontach ar na forchlónna nuair a tháinig siad amach ar dtús ach toisc iad a bheith casta mar ábhar, dúshlán stampshanais iontach a bheadh iontu d’fhíorbhailitheoir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "GB Overprints Society" (2011).
  2. "Postal and Telecommunications Services Act, 1983 (An Post) (Vesting Day) Order, 1983".
  3. http://www.stampprinters.info/SPI_Country_I.htm Stamp Printers by Country: Ireland. Stamp Printers.com, arna rochtain ar 2 Bealtaine 2016
  4. Feldman 1968, lch. 13–20
  5. Feldman 1968, lch. 22
  6. Feldman 1968, lch. 21

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Feldman, David (1968). "Handbook of Irish Philately". B.Á.C, Éire: David Feldman Ltd & the Dolman Press Ltd. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]