Taiscéalaíocht mhuirí na Portaingéile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Monumento aos Descobrimentos, Belem

B'é an Prionsa Annraoi Loingseoir a chuir tús leis an chéad mhórbhabhta taiscéalaíochta sa Phortaingéil.[1] Tháinig na mairnéalaigh Phortaingéalacha ar Oileáin Mhaidéara sa bhliain 1419, agus sa bhliain 1427, casadh na hAsóir orthu. Iompaíodh an dá oileánra seo ina gcoilíneachtaí Portaingéalacha. Níos déanaí, tháinig siad ar Cape Verde 1444, An Ghuine 1460, An Congó 1483, Cabo da Boa Esperanç 1488, agus ar aghaidh uaidh sin chuig Goa san India, Macau sa tSín, Timor L’Este san Indinéis, agus ansin trasna an Atlantaigh chuig Porto Seguro sa Bhrasaíl i 1500.[1]

An chéad turas de Vasco de Gama

An ré órga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 15ú haois, b'é cósta thiar na hAfraice an chloch ba mhó ar phaidrín Annraoi. Leis na cianta cairbreacha, ní fhéadfá trádáil a dhéanamh le hIarthar na hAfraice ach turas a dhéanamh trasna na Sahára. B'é oighear an scéil sin go raibh na bealaí tríd an tSahára faoi smacht na stát Moslamacha i dTuaisceart na hAfraice, arbh iad seanchéilí iomaíochta na Portaingéile iad. Bhí na Portaingéalaigh ag iarraidh teacht timpeall na Moslamach agus a gcuid trádála a dhéanamh bealach na farraige. Bhí siad dóchasach, freisin, go bhfaigheadh siad stáit Chríostaí taobh theas den tSahára, stáit a bheadh ina gcomhghuaillithe acu in éadan na Moslamach. Bhí na loingseoirí Portaingéalacha in ann teacht ar aghaidh beag ar bheag, agus iad ag ascnamh cúpla míle ó dheas in aghaidh na bliana.

Sa bhliain 1434, tháinig siad thart le Rinn Bojador. Roimh imeacht an chéad scór bliain eile, bhí trádáil bheoga óir agus sclábhaithe ar obair ag na Portaingéalaigh leis na críocha san áit a bhfuil an tSeineagáil inniu. Bhí na cúrsaí ag dul ar aghaidh go sciobtha, nó tógadh daingin trádála in Elmina, agus thosaigh São Tomé e Príncipe ag táirgiú siúcra roimh aon choilíneacht eile. Sa bhliain 1482, chuaigh fórsa sluaíochta faoi cheannas Diogo Cão i dteagmháil le Ríocht an Chongó.

Tháinig an briseadh mór sa bhliain 1487, nuair a sheol Bartolomeu Dias timpeall Cheann an Dóchais, ar ar bhaist sé an t-ainm sin, freisin. Ansin, thaispeáin sé go raibh sé indéanta an tAigéan Indiach a bhaint amach an bealach seo. Sa bhliain 1498, chuir Vasco da Gama beart leis an mbriathar, nuair a shroich sé an India.

B'iad na Portaingéalaigh an chéad dream Iartharach a tháinig a fhad leis an tSeapáin agus a bhí ábalta trádáil a dhéanamh leis an tír sin. Nuair a bhí an Rí Manuel a hAon ag rialú na Portaingéile, chrom na Portaingéalaigh ar mhodh nua oibre lena ngreim a choinneáil ar na tíortha a raibh éileamh acu orthu.

Thóg siad sraith de dhúnta daingne a cheadaigh dóibh smacht a choinneáil ar bhealaí tábhachtacha trádála an Oirthir ar fad. Mar sin, bhunaigh siad dúnta agus coilíneachtaí ar Chósta an Óir, i Luanda, Mósaimbíc, Zanzibar, Mombasa, Socotra, Ormuz, Calcúta, Goa, Bombay, Malaca, Macau, agus Timor. Bhí na Portaingéalaigh ag rialú na Brasaíle chomh maith, a bhí aimsithe ag Pedro Álvares Cabral sa bhliain 1500. De réir Chonradh Tordesillas, bhí na Portaingéalaigh i dteideal na Brasaíle ar fad, dar leis an bPápa ar a laghad.

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair na Portaingéalaigh deacair a n-impireacht a fhairsingiú isteach i ndoimhneacht na hilchríche, agus b'fhearr leo fanacht cois farraige. Thar na blianta, tháinig chun solais go raibh an Phortaingéil róbheag, mar thír, lena leithéid de mhórfhiontar a bhainistiú. Na dúnta Portaingéalacha ar fud an domhain, bhí siad i síor-anás daoine agus trealaimh.

Ní raibh an Phortaingéil in ann dul in iomaíocht leis na cumhachtaí ní ba láidre a bhí ag cúngú isteach ar a cuid gabháltaisí. Mar sin, bhí port na monaplachta Portaingéalaí seinnte i stair na trádála Oirthearaí. B'iad na taiscéalaithe Ollannacha, Francacha agus Sasanacha a chuir deireadh leis, ó ba chuma leosan faoin dóigh a raibh an domhan roinnte ag an bPápa.

Sa bhliain 1580, tháinig Pilib a Dó, rí na Spáinne, i gcomharbas ar Sebastião, rí na Portaingéile, a fuair bás gan ríchomharba a fhágáil ina dhiaidh. Mar sin, tháinig Impireachtaí na Portaingéile agus na Spáinne le chéile faoi aon choróin amháin. An chomh-impireacht a tháinig ar an bhfód mar sin, bhí sí chomh mór is nárbh fhéidir a leithéid a choinneáil le chéile gan na cumhachtaí eile a bheith ag tabhairt a dúshláin.

Le maolú ar dheacrachtaí den chineál sin, tugadh cuid de na tailte Portaingéalacha suas. Mar shampla, nuair a phós Séarlas a Dó, rí Shasana, an banphrionsa Portaingéalach Catarina Henriqueta de Bragança, fuair sé Bombay mar chuid den spré a bhí ag dul leis an mbanphrionsa. Choinnigh an Phortaingéil an chuid dá coilíneachtaí a bhí faoi smacht dian aici, go háirithe Macau, Timor Thoir, Goa, Angola, Mósaimbic, agus an Bhrasaíl. D'fhéach na hOllannaigh leis an mBrasaíl a shealbhú, agus tráth, bhí leath na tíre forghafa acu, ach b'éigean dóibh bailiú leo sa deireadh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mairéad Ní Nuadháin (2023-06-16). "An prionsa Afracach a mhínigh don Phápa nach nós Críostaí a bhí sa sclábhaíocht" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-18.