Tacóiméadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim chun luas rothlaithe a thomhas. De réir cineáil, san ionstraim nua-aoiseach bíonn maighnéad ag rothlú gar do sheoltóir leictreach neamh-mhaighnéadach. Ionduchtaítear sruthanna guairneáin sa seoltóir, cuirtear réimse an mhaighnéad fórsa i bhfeidhm ar réimse na sruthanna seo, agus sraonann an seoltóir is snáthaid ar dhiail atá ceangailte leis. Úsáidtear go forleathan é chun tiomáint tiománaithe leoraithe is busanna a mhonatóiriú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tacóiméadar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 637.