Seoltóir leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ní mór luchtanna leictreacha inghluaiste a bheith in ábhar ar a dtugtar seoltóir leictreach.[1]. I struchtúr criostalta na miotal bíonn na leictreoin dhiúltacha i scamall inghluaiste timpeall ar na hiain dho-ghluaiste, agus feidhmíonn an scamall leictreon mar fhoinse luchta inghluaiste. Tá na leictreoin fíorbheag, agus is féidir leo gluaiseacht go héasca tríd an miotal. Mar sin, nuair a ghluaiseann na leictreoin dhiúltacha seo go haontreoch, is sruth díreach a chomhdhéanann siad, agus deirtear go sreabhann an sruth sa treo eile os comhair treo na leictreon. In ábhair criadóireachta bíonn go leor leor luchtanna leictreacha dáilte thart san ábhar, ach iad go léir do-ghluaiste. Ní féidir sruth leictreach a sheoladh trí ábhar den saghas seo, agus is inslitheoir maith é. Sna hábhair pholaiméireacha ní bhíonn aon lucht inghluaiste san ábhar ach an oiread, agus mar sin is inslitheoir é. Is féidir sruth leictreach a sheoladh in ábhair leachtacha má sholáthraítear iompróirí inghluaiste luchta iontu. Mar shampla, i dtuaslagán leictrilíte bíonn iain dhearfacha is dhiúltacha go flúirseach ann agus iad go léir inghluaiste go maith, ionas gur féidir sruth leictreach a iompar go héasca ann. Muna mbíonn aon saghas luchta inghluaiste sa leacht, inslitheoir is ea é. I ngás simplí ní bhíonn aon lucht inghluaiste, agus mar sin is inslitheoir é. Ach is féidir sruth a sheoladh trí ghás má instealltar iain nó leictreoin sa ghás, nó má ianaítear móilíní an gháis féin, mar a tharlaíonn i splanc thintrí. Ansin feidhmíonn na luchtanna inghluaiste seo mar iompróirí luchta, agus iompaíonn an gás ina sheoltóir maith. Is féidir fiú folús atá ina shárinslitheoir a athrú ina sheoltóir trí leictreoin a instealladh ann.[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “electrical conductor” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-20.
  2. Hussey, Matt (2011). "Seoltóir leictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 593.