Jump to content

Tócamac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tócamac DIII-D in San Diego, California, SAM

Is éard is tócamac (nó tokamak[1]) ann ná meaisín a úsáidtear i dtaighde ar chomhleá núicléach. Déanann córas héiliciúil réimsí maighnéadacha plasma de cháithníní luchtaithe imoibríocha a choinneáil i seomra cuasach i bhfoirm taoschnó fáinne. Téitear ansin é le sruth leictreach tríd agus réimsí ardmhinicíochta is léis ian go dtí teocht os cionn 100 milliún °C.[2]

Is traslitrithe ar an bhfocal Rúisise токамак iad tokamak (an litriú a úsáidtear i mBéarla agus go leor teangacha eile) agus tócamac. Is acrainm sa Rúisis é токамак, ó:

тороидальная камера с магнитными катушками
toroidal'naya kamera s magnitnymi katushkami
“seomra toróideach le cornaí maighnéadacha”;

nó b'fhéidir:

тороидальная камера с аксиальным магнитным полем
toroidal'naya kamera s aksial'nym magnitnym polem
“seomra toróideach le réimse maighnéadach aiseach”.[3]
  1. “tokamak” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-07-10.
  2. Hussey, Matt (2011). "Tócamac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 666.
  3. Tokamak”. Merriam-Webster (6 Iúil 2023).