Tír na Sorcha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tír choimhthíoch éigin i bhfad ó Éirinn atá i dTír na Sorcha i roinnt scéalta béaloidis Gaeilge.[1] An tSiria atá i gceist i scéalta áirithe.

Luaitear i bhFoclóir an Duinnínigh go bhfuil sé "san Ghréig mhóir", agus gurb é Paimpilonia a príomhchathair agus luaitear gur chóir sin a chur i gcomparáid le Pampelona ar an Arga in Iarthar na Spáinne. Deirtear ann freisin go nasctar é leis an tSiria, an tSín agus an tSualainn chomh maith.

Tír na Sorcha a thug Niall Ó Dónaill ar an tSeapáin ina aistriúchán ar Scairt an Dúchais. Tuairimíonn roinnt go bhfuil nasc aige le 'Land of the Rising Sun' an Bhéarla.

Sa leabhar 'Eoghan Ruadh Ó Neill' le Seosamh Mac Grianna tá 'rí na Sorcha' aige ar 'rí na Sualainne'.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Scairt an Dúthchais - Caibidil 1". www.smo.uhi.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-11-03.