Sydney Brenner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Esther Lederberg, Gunther Stent, Sydney Brenner agus Joshua Lederberg sa bhliain 1965

Micribitheolaí a rugadh ar 13 Eanáir 1927 i Germiston san Afraic Theas is ea Sydney Brenner. Rinne sé taighde ar chód eolais an DNA agus an gaol idir néarchóras an ainmhí is a chomhdhéanamh géiniteach. Roinn sé Duais Nobel sa bhfiseolaíocht/míochaine i 2002 le John Sulston is Robert Horvitz as a dtaighde a léirigh rialú géiniteach fhás is fhorbairt orgán agus bás cláraithe na cille. D'fhoilsigh sé dírbheathaisnéis, My Life in Science (Mo Bheatha san Eolaíocht, 2001).