Svetlána Alecsiévich
(2024) | |
| Ainm sa teanga dhúchais | (be) Святлана Аляксандраўна Алексіевіч (be-tarask) Сьвятлана Аляксандраўна Алексіевіч |
|---|---|
| Beathaisnéis | |
| Breith | 31 Bealtaine 1948 77 bliana d'aois Ivano-Frankivsk, An Úcráin |
| Faisnéis phearsanta | |
| Grúpa eitneach | Bealarúisigh |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Faculty of Journalism of the Belarusian State University (en) |
| Áit chónaithe | Beirlín |
| Teanga dhúchais | an Rúisis |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus iriseoireacht |
| Gairm | scríbhneoir, iriseoir |
| Fostóir | Prypyatskaya Prauda (en) Сельская газета (en) Нёман (en) |
| Ball de | |
| Seánra | Litríocht neamhfhicsin agus úrscéal gairid |
| Gluaiseacht | Réalachas liteartha |
| Teangacha | An Rúisis agus an Bhealarúisis |
| Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
| Suíomh gréasáin | alexievich.info |
Scríbhneoir neamhfhicsin agus iriseoir iniúchta de chuid na Bealarúise is ea Svetlána Alecsándrovna Alecsiévich[1] (r. 1948). Is i Rúisis a scríobhann sí.
Rugadh Svetlána Alecsiévich ar an 31ú lá de mhí an Mhárta i mbaile beag Stanislaviv, nó Ivano-Frankivsk [An Úcráinis: Іва́но-Франкі́вськ, Ivano-Frankivśk] mar a thugtar air ón mbliain 1962 amach, san Úcráin. Ag an am a rugadh í, bhí Stanislaviv suite i bPoblacht Shóivéadach Shóisialach na hÚcráine. Bealarúiseach ab ea a hathair agus Úcránach ab ea a máthair.

Moladh Duais Nobel na Litríochta di sa bhliain 2015. Dúirt Acadamh na Sualainne gur bronnadh an duais uirthi de bharr na "scríbhneoireachta ilfhónaí" a chum sí, scríbhneoireacht atá ina "leacht cuimhneacháin d'fhulaingt agus do mhisneach ár linne."[2][3] Is í Svetlána Alecsiévich an chéad scríbhneoir riamh de chuid na Bealarúise dá moladh an duais seo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An Bhealarúisis: Святлана Аляксандраўна Алексіевіч Sviatłana Alaksandraŭna Aleksijevič, Fuaimniú i mBealarúisis: [alʲɛksʲiˈjɛvʲit͡ʂ]; An Rúisis : Светла́на Алекса́ндровна Алексие́вич, Fuaimniú i Rúisis: [ɐlʲɪksʲɪˈjevʲɪt͡ɕ]; An Úcráinis: Світлана Олександрівна Алексієвич.
- ↑ 'Svetlana Alexievich wins Nobel Literature prize' (http://www.bbc.com/news/entertainment-arts-34475251) [i mBéarla]
- ↑ 'Svetlana Alexievich - Facts' (https://www.nobelprize.org/nobel_prizes/literature/laureates/2015/alexievich-facts.html) [i mBéarla]