Sulfáit alúmanaim
Sulfáit alúmanaim | |
---|---|
![]() |
[[File:|130px]] |
Ainm IUPAC | Sulfáit alúmanaim |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 10043-01-3 |
PubChem | 24850 |
Airíonna | |
Foirmle mhóilíneach | Al2(SO4)3 |
Mais mhóilíneach | 342.15 g/mol (ainhidriúil) 666.44 g/mol (octadecahydrate)78.11 g/mol |
Leáphointe | 770°C |
Guaiseacha | |
NFPA 704 | ![]() ![]() ![]() |
Is comhdhúil cheimiceach í sulfáit alúmanaim leis an bhfoirmle Al2(SO4)3. Tá sí intuaslagtha in uisce agus úsáidtear í go príomha mar ghníomhaire téachta (imbhualadh cáithníní a chur chun cinn trí lucht a neodrú) i nglanadh uisce óil [1] [2] agus i ngléasraí cóireála fuíolluisce, agus i ndéantúsaíocht páipéir freisin.
Tarlaíonn an fhoirm ainhidriúil go nádúrtha mar mhilloscevichít mhianrach annamh, a fhaightear m.sh. i dtimpeallachtaí bolcánacha agus i sméaróidí dearga i gcairn dramhaíola na mianadóireachta guail. Is annamh a fhaightear sulfáit alúmanaim ann mar shalann ainhidriúil. Cruthaíonn sí roinnt hiodráití difriúla, a bhfuil an heicsideacaihiodráit Al2(SO4)3•16H2O agus ochtaideacaihiodráit Al2(SO4)3•18H2O na cinn is coitianta. Tarlaíonn an heiptideacaihiodráit, ar féidir a fhoirmle a scríobh mar [Al(H2O)6]2(SO4)3•5H2O go nádúrtha mar an alúnaigéin mhianrach.
Táirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa tsaotharlann[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is féidir sulfáit alúmanaim a dhéanamh trí hiodrocsaíd alúmanaim,Al(OH)3, a chur le haigéad sulfarach, H2SO4:
- 2 Al(OH)3 + 3 H2SO4 → Al2(SO4)3 + 6H2O
nó trí mhiotal alúmanaim a théamh i dtuaslagán d'aigéad sulfarach:
- 2 Al + 3 H2SO4 → Al2(SO4)3 + 3 H2↑
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Safe Drinking Water is Essential (2007). Archived from the original on 2007-10-07.
- ↑ Kvech S, Edwards M (2002). "{{{title}}}". Water Research 36 (17): 4356–4368. doi:PMID 12420940. .