Hiodráit

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
hiodráit chlórail

Comhdhúil a chuimsíonn uisce, agus an t-uisce inti i bhfoirm uisce chriostalúcháin de ghnáth, mar atá i ngipseam, CaSO4.2H2O, hiodráid sulfáit chailciam. Ach is féidir an t-uisce a chomhshnaidhmeadh isteach sa mhóilín, mar a tharlaíonn i hiodráit chlórail, CCl3CH(OH)2, ó chlóral, CCl3CHO. Is comhdhúil réasúnta cobhsaí í an hiodráit chlórail, agus sna laethanta a bhí, d'úsáidtí mar dhruga ainéistéiseach í.[1][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Hiodráit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 347.
  2. "Learning Irish" (en). learnirish.blogspot.com. Dáta rochtana: 2020-02-08.