Subway Chathair Nua-Eabhrac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Subway Chathair Nua-Eabhrac

Íomhá
Sonraí
CineálMeariompar
Cuid delíonraí iompair phoiblí i Nua-Eabhrac
Foirgníocht1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla27 Deireadh Fómhair 1904 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Staid úsáidein úsáid
Líne iarnróid36 (1 Eanáir 2017)
Seirbhís traenach mheariompair27 (7 Samhain 2016)
Stáisiún traenach faoi thalamh Nua-Eabhrac
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinNua-Eabhrac, New York agus Nua-Eabhrac, SAM
Map
 40°42′N 74°00′W / 40.7°N 74°W / 40.7; -74
Le cuid29
Gníomhaíocht
OibreoirÚdarás Iompair Chathair Nua-Eabhrac
Cuairteoirí1,793,073,000 (2022)
Suíomh gréasáin oifigiúilmta.info…
Twitter: NYCTSubway Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Fobhealach nó Subway Chathair Nua-Eabhrac an líonra iompartha a théann faoi thalamh na cathrach, an córas iarnróid cathrach (472 stáisiún agus 1,070 ciliméadar) is mó sna Stáit Aontaithe.

Fógra sa bhliain 1904
mar a bhí, 1910

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ceann de na córais iarnróid is sine ar domhan é an Subway. Sa bhliain 1868, osclaíodh iarnród ardaithe i gCathair Nua-Eabhrac darb ainm an "West Side and Yonkers Patent Railway"; d'úsáid sé innill ghaile chun na traenacha a tharraingt ar cháblaí.

Osclaíodh an chéad fobhealach ar an 27 Deireadh Fómhair 1904, líne ag an am ó City Hall in Manhattan go 145th Street.[1]

Córas iarnróid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Subway an córas iompair phoiblí is mó sna Stáit Aontaithe ó thaobh an líon stáisiún agus fad na rútaí éagsúla.[2] Tá 472 stáisiún in iomlán sa chóras, i Manhattan, an Bronx, Brooklyn, Queens agus níos faide.[3] Is ceann de na córais is faide é ar domhan, le 1,070 ciliméadar de bhealach ráille aige.[4][5]

Ní stadann an Subway thar oíche i gcodarsnacht le córais ar fud an domhain.[6] Ó thaobh líon paisinéirí de, is é Fobhealach Chathair Nua-Eabhrac an seachtú córas iarnróid cathrach is gnóthaí ar domhan. Sa bhliain 2015, baineadh úsáid as an gcóras Subway 1.72 billiún uair.[7] Iompraíonn sé gach tríú paisinéir a úsáideann córas iompair poiblí sna Stáit Aontaithe.[8]

graifítí

Coir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh os cionn billiún duine ar thurais ar an Subway in 2023 agus rinneadh 570 ionsaí coiriúil ar phaisinéirí, ach coireanna tromchúiseacha go minic. Chuaigh cúrsaí in olcas agus in 2024, d’fhógair méara Nua-Eabhrac, Eric Adams go gcuirfí 1,000 póilín ar dualgas ag stáisiúin an Subway chun málaí a chuardach. agus d’fhógair gobharnóir an stáit, Kathy Hochul, go mbeadh 750 comhalta den Gharda Náisiúnta ar dualgas ag stáisiúin áirithe.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "ASCE Metropolitan Section - First New York City Subway". www.ascemetsection.org. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  2. City Monitor Staff (2015-09-03). "Which city has the longest metro system?" (en-US). City Monitor. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  3. "Riding the subway" (en). MTA. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  4. MTR (2018/2019). "COMPREHENSIVE ANNUAL FINANCIAL REPORT". Dáta rochtana: 2024.
  5. "Riding the subway" (en). MTA. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  6. "Service Hours".
  7. "mta.info | Facts and Figures". web.mta.info. Dáta rochtana: 2024-03-24.
  8. "The MTA Network: Public Transportation for the New York Region".
  9. Cathal Mac Coille (23 Márta 2024). "LITIR Ó NUA-EABHRAC: Ionsaithe, imní agus sábháilteacht, ar an Subway" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-23.