Stoirm toirní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Stoirm toirní á thit amach in Arlington,Virginia

Stoirm le báisteach throm, toirneach is tintreach, a tharlaíonn nuair a fhásann scamall carnach báistí faoi chúinsí taise éagobhsaí.

De réir mar a éiríonn an t-aer, tarlaíonn comhdhlúthú a fhuasclaíonn teas folaigh, rud a mhéadaíonn an fuinneamh atá ar fáil is a mhéadaíonn claonadh an aeir chun éirí.

Os cionn an leibhéil ag a dtarlaíonn comhdhlúthú, comhtháthaíonn braoiníní uisce fhorfhuaraithe chun braoiníní a chruthú atá mór go leor le comhtháthú.

De réir mar a thiteann an bháisteach, laghdaíonn an éagobhsaíocht, stopann fás an scamaill, agus ansin stopann an comhdhlúthú.

June-2012-North-American-derecho-lightning-strike.gif

Má tá sraith scamaill charnacha báistí ann, is féidir go leanfaidh na stoirmeacha. Le linn stoirm toirní fásann lucht leictreach ag bun an scamaill, agus nuair a éiríonn sé seo a dhóthain, díluchtaítear é i bhfoirm splanc tintrí.

Tarlaíonn stoirmeacha mar seo go minic nuair a théann fronta fuar thart le linn lagbhrú, le téamh géar is fliuchras ar fáil, ag domhanleithid ísle.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]