Stiréin
Jump to navigation
Jump to search
C6H5-CH=CH2, leacht gan dath a fhiuchann ag 140 °C, a dtugar feinileitéin nó vinilbeinséin air freisin. Gabhann sí trí pholaiméiriú suimiúcháin chun an roisín gloiniúil polaistiréin a dhéanamh. Baintear feidhm as polaistiréin fhorbartha, polaistiréin a séidtear gás tríd is é ag polaiméiriú ionas go mbíonn sí póiriúil leis an ngás ceaptha ann, mar ábhar pacála le hinsliú teirmeach.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |